Page:An t-oileanach.djvu/273

This page has been proofread.
XXV
CRÍOCH

Seadh, táim sleamhnaithe liom go deire mo scéil go dtí so. Níl curtha síos agam ach an fhírinne; níor ghádh dhom aon cheapadóireacht mar bhí an aimsir fada agam agus is mór fós im’ cheann. Is mór a bhíonn bailithe i gceann duine aosta dá mbeadh duine eile ag cur cúntais air agus ’á cheistiú. Mar sin féin, dob’ é an rud ba mhó gur chuireas suim ann a dheineas a bhreacadh. Dheineas breithniú ar chúrsa mo shaoghail agus an rud is mó gur chuireas suim ann is é is túisce tháinig chun mo chuimhne.

Thugas daoine eile isteach im’ scéal seachas me féin. Ní bheadh slacht ann gan san a dhéanamh, ná iomláin’. Ní raibh fuath agam d’aenne riamh díobh agus do chaitheas go dtí so mo shaoghal leo gan sinn féin do chur aon bhárthainn ar a chéile. N’fheadar cad é a dath atá ó’n dtaobh istigh de thigh na cúirte i nDaingean Uí Chúise, d’á fhaid atáim ar an saoghal.

Daoine bochta saonta sinn ag cur an tsaoghail dinn ó lá go lá. B’fhéidir nárbh’ fhearra dhúinn bheith n-ár scannróirí. Bhíomair oilte, toilteannach leis an slí bheathadh do cheap an Máighistir Beannaithe dhúinn a dhéanamh gan leisce, ag treabhadh na mara go mion minic gan súil le dul chun cinn ach ár ndóchas i nDia. Malairt meóin nár dheárthach le chéile agus nár dheárthach le lucht mín-tíre—subháilcí linn féin againn agus ár lochtaí beaga féin ag baint linn comh