Page:An t-oileanach.djvu/274

This page has been proofread.

maith. Níor cheileas na tréithe fónta ná na lochtaí beaga ach chomh beag agus do cheileas an cruadhtan agus an t-annródh a bheireadh orainn agus gan an tarna dul suas againn ach gabháil tríd.

Carraig í seo i lár na mara móire agus go lán-mhinic tagann an fhairrge cháithteach lastuas di le fóirneart gaoithe ná beadh sé ar do chumas do cheann a chur amach ach oiread le coinín i n-Inis Mhicileáin a fhanann i bpoll an fhaid a bhíonn fearthainn agus sáile amuich. Ba mhinic sinn ag dul chun fairrge ar mhochóirighe na maidine agus an uain oiriúnach a dhóthain agus fé dheire an lae do bhíodh na daoine istigh ’ár gcaoine le droch-chló a bhíodh tagaithe ar an aimsir. Do bhíodh orainn bheith amuich istoidhche agus níl cur síos ar an annródh a leanann an sórt san seilge. Tugaim díogh ar na gnóthaí eile go léir di. Ba lán-mhinic an fhairrge ag gabháil lastuas dinn, gan radharc againn ar thír ná ar thalamh—oidhche mhór fhada fhuar mar seo ag comhrac na mara agus go lán-mhinic ar bheagán fagháltais ach ó uair go h-uaire ag tnúth le cabhair Dé. Do thagadh ár ndóthain de’n tseilg orainn go fada fánach insa tslí go mbíodh orainn na líonta a ghearradh agus iad a scaoileadh leis an muir. Oidhcheannta eile—tar éis brácadh an mharbhaithe, agus na naomhóga bog-lán de, agus ná féadfaí bualadh ar chalath ná ar thír ach tarrac ag dul anáirde go dtí an féar glas, stoirm aniar dtuaidh, na bainnc ag briseadh—chaithimís rith roimis an aimsir, cuid againn go Cuas Cromtha, cuid go Cuan Fionntrágha, cuid go dtí an Daingean.

Fágann na neithe sin nach comórtas sinn le daoine i mbailte móra agus lanntáin míne réidhe. Má bhí lochtaí beaga le cur ’ár leith uaireannta dob’ é an uair do bhíodh aon bhraon dighe eadrainn é. Do ghoilleadh an deoch orainn seachas cách toisc sinn do bheith suaidhte tnáithte do shíor ar an gcuma atá luaidhte agam, ar nós an chapaill, gan aon phioc de’n sánas ná de’n suaineas do shíor.

Bhíodh an saoghal go maith an uair úd. Bhíodh scilling i