láimh a chéile againn; biadh flúirseach agus neithe saor. Bhíodh an deoch saor. Ní le dúil sa digh a bhíodh sainnt orainn dul ’n-a treo ach chun oidhche shúgach a bhaint amach i n-ionad an annróidh a bhíodh fachta againn go minic roimis sin. Do dheineadh braon a thógaint croidhe a chur ionnainn agus do bhíodh lá agus oidhche anois agus arís againn i bhfochair a chéile gach uair a bhíodh cao’ againn air. Tá san imithe agus tá an mór-chroidhe agus an scléip ag dul as an saoghal. Thugaimís ár mbóthar abhaile orainn mar seo go mín macánta tar éis gach raghairne, mar bheadh clann aon mháthar gan díth ná díobhail a dhéanamh d’á chéile.
Do scríobhas go mion-chruinn ar a lán dár gcúrsaí d’fhonn go mbeadh cuimhne i mball éigin ortha agus thugas iarracht ar mheon na ndaoine bhí im’ thimcheall a chur síos chun go mbeadh ár dtuairisc ’ár ndiaidh, mar ná beidh ár leithéidí arís ann.
Táim críona anois. Is mó rud a tháinig treasna orm i rith mo mharthain go dtí so. Tháinig daoine ar an saoghal lem’ linn im’ thimcheall, agus d’imíodar. Níl ach cúigear is sine ná me beo ar an Oileán. Táid sin ar an bpinsion. Níl uaim-se ach cúpla mí, leis, chun an dáit chéadna, dát nach rogha liom. Is ag bagairt chun báis a bhíonn sé, dar liom, cé go bhfuil mór-chuid daoine gurbh’ fhearr leo a bheith críona agus an pinsion aca ná a bheith óg ’á éagmais.
Is cuimhin liom bheith ar bhrollach mo mháthar. Thugadh sí suas ar an gcnoc me i gcliabh do bhíodh ag tarrac mhóna aici. An uair a bhíodh an cliabh lán de’n mhóin is fé n-a h-ascail a bhínn ag teacht aici. Is cuimhin liom bheith im’ gharsún; im’ fhear óg; i mbláth mo mhaitheasa agus mo nirt. Tháinig gorta agus flúirse, rath agus mí-rath, lem’ mharthain go dtí so. Is mór an fhoghluim a thugaid sin ar an nduine a thugann fé ndeara iad.
Beidh an Blascaod lá gan aenne de’n dream atá luaidhte agam sa leabhar so—ná aenne go mbeidh cuimhne aige orainn. Tugaim buidheachas do Dhia a thug cao’ dhom gan an méid de’n