Page:An t-oileanach.djvu/31

This page has been validated.
21
AN t‑OILEÁNACH

Thána go dtí an gullaí (faoileann óg) agus thugas mo chuid donán di. Nuair a chuas isteach ní rabhas comh mórtaiseach agus bhínn laetheannta eile. Do bhraitheas an líon déanta agem’ mháthair dom; agus rud eile, bhí an caillichín bhéal-dorais istigh rómham chun go mbeadh sí ag féachaint ar an mbúrdáil a gheobhainn mar do bhínn-se ag magadh go láidir fúithe an t‑am so. Ach bhí mo mháthair ró ghlic di.

An uair a tháinig na cailíní abhaile ó scoil bhí mo mháthair ag cur ceisteanna ortha cad é an sórt mná í—macánta nó mallaithe. Dubhairt gach nduine aca gur bhean bhreagh mhacánta í—nár thug sí buille ná stráiméad dóibh.

Sin é an uair a chuir mo mháthair an scéal im’ láthair-se. “Féach an teallaire seo ag imeacht i rith a’ lae ó mhaidean agus é i gcúntúirt dul ar bhior a chinn síos i bpoll éigin a’ soláthar éisc d’á ghullaí; ach bíodh ’fhios ag an mbuachaill a bheith ullamh ar maidin agus bheith i n‑éineacht libh suas, le cúnamh Dé,” ar sise.

“B’fhéidir,” arsa Cáit, “go mbeadh an cleas céadna déanta amáireach aige leat ó’n uair nár chuiris aon eagla air.”

B’í ceann ba chabanta de sna driféaracha í, agus ba lugha go raibh cion agam-sa uirthi.

“Ó! beidh sé seo ’n‑a bhuachaill mhaith amáireach, a Cháit. Bíonn gach tosnú lag,” arsa mo mháthair.

Bhíomair go síodhach, grádhach le n‑a chéile nó go raibh aimsir chodlata ann—iad san ag trácht thar an scoil agus ag innsint dom mháthair an ainm a bhí ar an máighistreás. Ach chuaidh dóibh an ainm a thabhairt leo ar feadh i bhfad de’n oidhche nó gur chuadar chun cocaidheachta le n‑a chéile, insa tslí an méid seóidh a bhí aca san orm-sa i dtosach na h‑oidhche go raibh sé agam ortha an t‑am so. Fé dheire thug Máire an ainm léi—Neans Ní Dhonnchadha. Ainm chrosta ar a leithéidí dob’ eadh í, leis, mar nár chualadar a leithéid d’ainm riamh san oileán so. B’eo gach duine ag propáil chun dul a chodla.

Ar maidin bhí gach nduine chun a bheith ’n‑a phost féin agus