Page:An t-oileanach.djvu/33

This page has been validated.
23
AN t‑OILEÁNACH

agam an uair úd, rud ná fuil indiu agam le rádh leis. Ní fada gur scaoileas an radharc a bhí im’ shúilibh mór dtimcheall an tighe. Do chonnac leabhair agus páipéir thall agus i bhfus ’n‑a mbuilc bheaga. Do bhí clár dubh ar crochadh leis an bhfalla ann agus marcanna bána thall agus i bhfus breacaithe air mar bheidís déanta le cailc. Iongantas na gile do bhí am’ bualadh cad é an bonn a bhí leo-san, nó go bhfeaca an Mháighistreás ag glaodhach ar na cailíní ba mhó chun an chláir duibh, cipín ’na láimh aici agus í ag teasbáint na marcanna úd dóibh agus do tuigeadh dom go raibh sórt éigin ráiméis cainnte aici ’á labhairt leo.

Do phriocas Peats Mhicí do bhí le h‑ais liom ar an stól. ’Sé seo an Peats Mhicí céadna atá ’n‑a Rí orainn indiu agus le fada. Thugas cogar do cad é an sórt brilléise cainnte a bhí ar siubhal ag an Máighistreás leis na cailíní timcheall an chláir dhuibh.

“M’anam ’on fial ná feadar!” ar seisean, “ach gur dóigh liom gur cainnt í ná tuigfar annso go deo.”

Do cheapas gurab é an t‑ocras a chuirfeadh chun báis ar scoil me ach, ambasa, nach amhlaidh a bhí mar nár ró fhada ar fad gur labhair an Mháighistreás.

“Play time,” ar sise.

Do bhain an focal úd leathadh as mo shúile mar n’ fheadar cad é an sórt brí a bhí leis. Do chonnac láithreach an méid gramaisc a bhí istigh ag preabadh ’n‑a seasamh agus ag bualadh amach an doras. B’éigean do Nóra breith ar láimh orm-sa sarar bhogas de’n stól. Do bhain gach nduine againn a thigh féin amach.

Do bhí dorn prátaí fuarbheirbhithe rómhainn-ne. Buaileadh cois na teine iad, iasc againn leo—gabhair bhuidhe, agus is iasc ana-mhilis iseadh iad. Do bhí mo mháthair agus gríscín báirneach ó’n dtráigh aici—mar do bhíodar tagaithe ó’n dtráigh faid a bhíomair-ne ar scoil. Do bhí na báirnigh ’á sórtadh aici ar an dteine agus ceann aici ’a chaitheamh chughainn-ne mar bheadh cearc na sicíní.