Page:An t-oileanach.djvu/37

This page has been validated.
27
AN t‑OILEÁNACH

balcaisí chun na gcailíní ba mhó bhí ann. Do bhí an chailleach liath romham istigh chun go mbeadh scéalta nua ó bhean a’ Daingin aici.

Caipín go raibh dhá adhairc air a thóg sí amach ar dtúis agus do bhuail ar mo cheann é.

“Dar Muire!” arsa m’athair, “tá sé ’n‑a phóilín déanta agat!” agus do chrom a raibh istigh ar scartghail gháirí.

“B’fhéidir go mbeadh post éigin fós aige,” ar sise; “tá sé óg agus rud le foghluim le n‑a linn agus coimeádadh sé an scoil nó go bpriocfaidh sé a mbeidh innti.”

Is maith is cuimhin liom fós an chainnt sin mar d’athruigh aindise an tsaoghail an port san.

Do bhí ubhla, milseáin, cácaí, builíní, tobac chun m’athar, feidhre bróg chun Pádraig, éadaí bána chun na n‑inghean agus a thuille rudaí, leis, aici. Fuair an bhean liath blaiseadh de gach sórt mar duine beag go raibh miagnas ag baint léi dob’ eadh í.

Ar scoil gach lá, annsan, sinn ach Pádraig, a bhí mór groidhe agus é ag sealgaireacht i n‑éineacht lem’ athair. Níor mhór an t‑achar do chaith Máire, leis, ar scoil mar bhí sí ’n‑a mnaoi san am so. Do bhí ceathrar againn ag déanamh go maith—sinn féin ag múineadh a chéile.


Lá tar éis sinn a leigeant amach ó scoil i lár an lae chonnacamair a raibh de dhaoine ar an mbaile ar bharra an chalaith agus do bhí iongantas ar an Máighistreás agus orainn ar fad cad a bhí ar siubhal. Thug garsún súil idir é agus Ceann Sléibhe agus d’fhéach go géar.

“A Mhuire! féach na báid i gcorp na scríbe agus na farraige,” ar seisean.

Tugadh suas na báid—ná feicfí aenne d’á raibh ionnta go deo arís.

Is amhlaidh a bhí báid an oileáin ceangailte as bhád raice agus í ’á tarrac agus an fhairrge ag gabháil lastuas