Page:An t-oileanach.djvu/38

This page has been validated.
28
AN t‑OILEÁNACH

díobh. Do shroicheadar an calath fé dheire mar bhí an taoide leo agus cabhair mhór aici ’á thabhairt dóibh.

Bád mór groidhe bád na raice. Do bhí an captaen innte agus beirt eile fhear agus ógánach timcheall sé déag de bhlianaibh agus gan ann ach an dé. Tógadh amach as an mbád ar an dtalamh é agus d’éag gan mhoill. Tá sé curtha i Rinn a’ Chaisleáin—sé sin mar a raibh caisleán Phiarais Firtéar an uair a bhí sé i gceannas.

Níorbh’ fhéidir le comhacht na h‑áite ar fad an bád raice do shábháil agus thug an mhuir mhór léithe aríst í. Do bhí m’athair innte, agus mar chaptaen féin uirthi. Alix ainm an chaptaen, fear mór groidhe. Tá an ainm beo fós insa Bhloscaod agus beidh a thuille achair mar is chomh-aois do’n bhád mórán do rugadh san Oileán an bhliain sin. Fuaireadar fagháltas as iad a shábháil agus an chuid aca a thug óstaidheacht dóibh díoladh go maith iad. Traisc[1] a thug m’athair aisti ní fadó do scar sé linn.


Bhí mo dhrifiúr Máire ’n‑a scafaire de mhnaoi acmhuinneach an uair seo agus toisc triúr eile do bheith ann do bheartuigheadar ar í chur uatha amach i dtigh éigin eile. ’Sé an taoiseach is fearr do bhí insan oileán an uair sin ná Paidí Mháirtín. Do bhí deich cinn de bha bainne aige ar feadh i bhfad ach n’ fheaca-sa riamh an méid sin ba aige mar bhí beirt mhac leis pósta i dtighthe amuich agus cuid de’n talamh tugtha aige dhóibh agus ba gan amhras. Chúig cinn do bhí an uair sin aige agus an mac dob’ óige ’n‑a theannta istigh gan pósadh fós—Máirtín óg.

Socruigheadh cleamhnas idir Mháire agus Mháirtín, mar bean deigh-eolais chun gnótha agus ábalta ar é dhéanamh do bhí uatha agus dob’ í sin Máire gan bhréag agus ní ’r a shon í bheith mar dhrifír agam-sa é. Níor loirgeadh aon airgead ar m’athair mar bhí ’fhios aca ná raibh sé ann. Saothar maith

  1. Tuireasc.