Page:An t-oileanach.djvu/39

This page has been validated.
29
AN t‑OILEÁNACH

a dheineadar sinn a choimeád suas i saoghal ná raibh ró mhaith.

Do bhí Máirtín, a athair ’s a mháthair sa tigh an uair sin—ceathrar Máire nuair a phósadar. Bliain do mhair Máirtín tar éis phósta agus b’éigean dom dhrifiúr Máire casadh abhaile ar a muinntir féin arís mar chuaidh dritheáir do Mháirtín isteach go dtí an mbeirt aosta arís, gan fonn ortha faic a thabhairt do bhean Mháirtín, cé go raibh leanbh mic ’n‑a dhiaidh. D’fhág Máire an leanbh againn-ne agus do bhain sí amach Americe. Trí bliana thug sí thall an uair a chas sí. Do chuir sí chun na dlí iad agus bhain sí amach cuid an athar do’n mhac.


Níorbh’ fhada ’n‑a dhiaidh sin gur glaodhadh abhaile ar Mháighistreás na scoile am na h‑Inide chun pósta. D’fhág san an scoil dúnta ar feadh tamaill nó gur tháinig sreangaire de Mháighistir, Roibeárd Gabha. Ní raibh sé ró chneasta leis an ngramaisc scoláirí do bhí roimis. Níor thaithin sé leis an bpáirtidhe bhí agam-sa, sé sin an Rí. Do bhí cuma fhiain air. Deireadh an Rí liom-sa gurb’ ó’n Rúis a tháinig sé. Do bhí pus mór air, bolg-shúile, é sleamhain, buidhe, stranfhiaclach agus tor anuas as a shróin mar do bheadh meigeal gabhair. Ní h‑é an tor san ball ba mheasa dhe mar bhí finneacht ann agus é ag clúdach na coda dhe do bhí an-chúmtha.

Do phós an Mháighistreás i sráid-bhaile i bParóiste an Fhirtéaraigh. Gabha dubh dob’ eadh a fear agus do bhí an sagart paróiste buidheach de is dócha. Fuair sí scoil ar an mbaile sin agus do chaith sí a shaoghal ann nó go raibh pinsion ar an scoil aici. Táid san uaigh anois tar éis a gceithre fichid bliain, gach nduine aca. Sin an chrích a chuaidh ar an gcéad mhúinteóir scoile a tháinig go dtí an Bloscaod.

Níorbh’ fhada go raibh fead ’á dhéanamh fé Roibeárd age garsúin agus gáire age giarraigh; agus, a mhic ó! pantalóga móra groidhe ag dul go dtí an scoil insan am úd. D’aithin Roibeárd go maith ná féadfadh sé an bheart a dhéanamh

c