Page:An t-oileanach.djvu/40

This page has been validated.
30
AN t‑OILEÁNACH

’na measc agus níor thug sé againn ach trí mhí agus d’fhág annsan sinn.


Ar chaitheamh mo ghráinseáil bheag bhidh dom maidean lae, bhí súil i bhfus agus thall agam. Do ghaibh mo mháthair an doras isteach agus bior iarainn ’n‑a láimh aici, smut de ghraidhp bháid. Níor shuidh sí ach do chrom ar bheith ag lorg rud éigin eile. Sa lorgaireacht di is mála a thug sí léi. Do bhíos féin ag faire mar do bheadh cat ar luich mar do thuigeas gur fuadar trágha a bhí fúithe.

“Seadh,” ar sise, “an bhfuil aenne ’gaibh gur mhaith leis dul ’on tráigh ó tá ’n lá breagh?”

Is nós atá riamh ann dul ’on tráigh agus annlan ó’n dtráigh do bheith Aoine an Chéasta age gach nduine a bheadh ’n‑a chumas.

“A Mhuire, ’mham! Bead-sa i n‑éineacht leat,” arsa mise ag preabadh ó’n mbórd, cé nach é mo dhóthain a bhí ithte agam.

“Níl a bhac ort, ach mo chroidhe thú! ith do dhóthain. Fanfad-sa leat,” ar sise.

“Raghad-sa, leis, an’,” arsa Nóra.

“Bead-sa, leis, le nbhur gcois,” arsa Eibhlín.

“Níl a bhac oraibh,” arsa mo mháthair, “mar dhein an saoghal go maith oraibh é an scoil a bheith dúnta.”

Bhí m’athair agus Paidí ag rómhar sa ghort, Cáit i mbun an tighe agus an naoidhneán ar a cumraidhe mar bhí Máire thall ’sa Stáit. D’fhógair mo mháthair ar Cháit gan é thabhairt ar chamán ná ar liathróid nó go sroichfeadh sí féin abhaile.

Do bhuaileamair amach an doras. Thugamair ár n‑aghaidh chun na trágha agus má bhí aenne againn Márta a trí[1] is mise é, bhí oiread san scóip orm chun a bheith ag lapadáil insa tsáile lem’ bríste glas.

Ar shroistint na trágha dhúinn ní raibh aon stocán ná go raibh bean, leanbh agus páiste ag baint bháirneach, cnósach

  1. ’n‑a gheilt.