agus miongán agus gach sórt do bhuaileadh leo. Do bhí tráigh mhór rabharta ann agus do bhí oileán laistiar go dtugaid siad an tOileán Bán air agus níorbh’ fhéidir dul air ach le h‑ana-thráigh agus do bhíodh báirnigh agus cnósach ana-shaidhbhir ann, toisc gan an priocadh bheith air.
Do bhí góilín doimhin ’á dheighilt ó’n áit laistigh ach níor mhór an t‑uisce do bhí ann an uair seo. Níorbh’ fhada go bhfeaca mo mháthair ag cruinneáilt a cuid éadaigh le n‑a chéile agus ’á tharrac aniar idir a dhá cois. Ní raibh náire orm-sa cosa agus colpaí mo mháthar a bheith le feiscint ag an saoghal mar nár chearnóg ná alpachán í ach fainge fionn gléigeal ó bhathas go sáil. Is oth liom nár chuaidh an chuid ba mhó dhíom léi. Ach is dócha gur dhein sé dochar dom me bheith im’ ghamhain seana-bhó mar do bhí an chuid eile de’n ál go h‑álainn.
Do bhí súil ’n‑a diaidh agam féachaint cad é an fuadar do bhí fúithe. Do ghlaoidh sí láithreach ar na mná do bhí i n‑aice léi chun dul ar an oileán. Do fhreagair ceathrar í go tapaidh—an chailleach bhéal-dorais, drifiúr m’athar, Siobhán Bhán agus “Ventry.” Do chuaidh an t‑uisce thar glúine ortha, ach tháinig scout ar an gcailligh agus ar m’aintín a thug a dtriopall anáirde.
Ba mhaith an mhaise é ó Ventry, do chuir sí crúca im’ aintín agus thugadar anáirde iad. Thabharfadh aon duine an leabhar gurbh’ aon athair agus aon mháthair do bhí ag an gcailligh agus age m’aintín; comh-ghné, comh-aoirde agus comh-imeacht a bhí fútha. Do bhíos féin ag pusaoil ghuil i dtaobh fhaid do bhí mo mháthair as amharc. Is amhlaidh a bhíodh Nóra am ghríosadh chun a dhéanta, ach bhíodh Eibhlín ag cur staonadh orm.
Do bhíodh Nóra i gcomhnaidhe insa mhullaigh orm agus sinn araon ana-míchéadfhach chun a chéile; ach do thuigeas cad é an fáth a bhí leis sin nuair a thána chun coinnlíochta agus do bhíodh an chailleach, leis, go minic ’á chur i dtuiscint dom mar