Page:An t-oileanach.djvu/43

This page has been validated.
33
AN t‑OILÉANACH

arís, a dheirfiúr a chur i dtír ar an dtaobh so agus crúca eile a chur i Siobhán Bán agus do bhí an chailleach bhéal-dorais ag dul síos an t‑am go rug sé ar stuaic uirthi. Ní raibh ionnam-sa ach an dé san am gur tháinig m’athair i dtír. Ba dhóbair go mbáidhfeadh an chailleach é d’iarraidh í thabhairt chun cinn mar do bhí lán a h‑aprúin de bháirnigh aici.