ailte de thaobh an fhalla nó ar fuaid an tighe. Tigh go mbeadh muirear mór ann do bheadh leabaidh chnaiste insa chúinne annsan nó b’fhéidir leabaidh ar an úrlár. Bheadh an dream aosta innti sin i n‑aice na teine; dubhdóg de phíp chré i bhfearas aca, nó dhá cheann má bheadh beirt aca beo, agus iad ’á ól. Sop siúirlín déanta de thuighe aca; teine mhaith stuaicín ré-dhearg aca go maidean; ar gach múscailt an sop a chur ’on teine agus plubóg ’á bhaint as an bpíp; má bheadh an tseana-bhean aige an sop a shíneadh thairis isteach; annsan gal an dá dhubhdóige ag baint an tsimné amach gur chosúil le luing gaile leabaidh na beirte nuair a bhídís ar lán-séideadh. Bhíodh an cúpla madra nó trí luighte isteach age cosa na leabthan; an bhó nó na ba síos uatha san agus a gceann le falla; an ghamhain nó dhó agus rith na cistean aca agus a bpus leis an dteine. Bhíodh an t‑asal ceangailte ar an dtaobh eile de’n dtigh os choinne na mba agus cat go mbeadh cúpla piscín aici, b’fhéidir, i bpoll an iarta.[1] Gach a mbíodh eile de ghliogairnéis insa tigh is fé thóin an leabaidh chnaiste bhíodh sé istoidhche. Bhíodh an leabaidh so breis agus cúpla troigh ar aoirde ó’n dtalamh agus í déanta d’adhmad, nó d’iarann.
Bhíodh cuid de sna tighthe gan aon roinnt ortha chun seomra dhéanamh ach leabaidh chnaiste i gcúinne de’n dtigh agus leabaidh urláir sa chúinne eile; dresser leis an bhfalla nó leis an mbinn; na muca, nuair a bhídís aca, fé’n leabaidh áird; cúpla soitheach éisc nó trí is gach sórt tighe aca; agus i dteannta na n‑ainmhithe go léir eile b’fhéidir go bhfaghfá peata uain nó dhó ar fuaid an tighe.
De chlocha agus de mhairtéal chré a bhíodh na tighthe sin déanta agus gan mór-shlacht ar a lán aca mar do bhíodh deabhadh leo agus lámh gach aenne ionnta. Luachair nó geitirí an díon agus scraithín righin reamhar fé sin. Ní bheadh an díon go h‑olc dá leigfeadh na cearca dho; ach ní mar sin a bhíodh ach comh luath agus bheadh an luachair ag tréigean agus
- ↑ “Adharta” adeirtar.