Page:An t-oileanach.djvu/46

This page has been validated.
36
AN t‑OILEÁNACH

piastaí ag teacht ann ní choimeádfadh fear gunna na cearca as ach iad ’á scríobadh agus ag déanamh nead ann. Bhíodh an braon istigh annsan agus b’é sin an braon ná beadh ró ghlan mar do bhíodh an iomarca de mhianach an tsúigh ann. Bhíodh poill comh fada isteach déanta aca go mbíodh na cearca ar iarraidh ó mhná na dtighthe mar ní thugadh an chearc cluas do ghlaodh an bhídh an uair a bhuaileadh an gor í. Thagadh taoscán hata nó caipín d’ uibhe age sna giarsacha anuas de sna tighthe go mion minic. Do loitheadh na h‑óga an díon, leis, mar bhídís ag síor-lorg na nead. Níorbh’ fhearr leat a bheith ar Aonach an Phuic lá ná bheith ag éisteacht le beirt bhan-tighe, go mbíodh a dhá dtigh ceangailte d’á chéile, ag troid na n‑ubh le ’chéile.

Na tighthe maithe bhí againn bhíodh ó n‑a dó dhéag de throighthe ar leithead ionnta agus ó n‑a fiche go cúig fichead ar faid. Bhíodh curpad agus dresser treasna d’fhonn seomra a dhéanamh taobh thíos díobh de chuid de’n tigh agus dhá leabaidh chnaiste laistíos díobh sain—dhá leabaidh árda chnaiste. B’fhéidir go mbeadh na muca insa chistin ins na tighthe seo ach ní raibh cró riamh amuich dhóibh. Bhíodh an díon céadna ortha san agus ar na tighthe beaga cé gur mó an lámh a dheineadh na cearca ar na tighthe beaga ná ortha toisc na tighthe beaga bheith íseal. Is cuimhin liom, áfach, scéal grinn a thuit amach ar cheann de sna tighthe móra so nár thuit a leithéid amach ar aon tigh beag aca i dtaobh na gcearc céadna. Do bhí muinntir an tighe seo lá cruinn baileach ag caitheamh bídh an tráthnóna; an bórd lán de phrátaí aca, iasc agus bainne; faobhar ar chairb gach nduine ’á meilt agus ’á scaoileadh siar; ciota de mhuga adhmaid lán de bhainne age fear an tighe ar cheann an bhúird. An fhaid a bhí a lámh sa phláta ag tabhairt ailp éisc leis do bhraith sé rud éigin ag tuitim[1] ’on chiota.

An uair d’fhéach sé síos ann do bhí an ailp múchta thíos sa bhainne. B’éigean an tlú d’fhagháil. Tógadh aníos é ach do chuaidh sé ó aithint ó n‑a raibh ag an mbórd.

  1. ‘Titiom’ adeirtar.