Page:An t-oileanach.djvu/47

This page has been validated.
37
AN t‑OILEÁNACH

“Gearrcach sicín iseadh é,” arsa bean an tighe, “pé riach ruda thug ann é,” ar sise.

“Is cuma dhuit-se, insa fial, cad é an sórt é,” arsa fear an tighe, “taoi féin as do réasún go luath aige,” ar seisean, “nó cad as go gceapann tú go dtucfadh[1] a leithéid sin ort?” arsa fear an chiota.

Is ag dul ar buile do bhí a raibh ag an mbórd agus níorbh’ fhios conus mar bheadh an tráthnóna aca mara mbeadh gur thuit sicín eile anuas ar na prátaí ’n‑a bheathaidh.

“I gcúntais Dé cad as go bhfuil siad ag teacht?” arsa bean an tighe.

“Ná ficeann tú nach as Ofrann[2] atáid siad ag teacht!” arsa fear an tighe, “nach mór an ní gur anuas atáid siad ag gluaiseacht.”

Súil dár thug teallaire do bhí ar íochtar an bhúird anáirde ar fhrathacha an tighe do chonnaic sé an ghaoth agus an ghrian thríd isteach.

“Hanaman fial, tá poll sa tigh!” ar seisean. Leis an athair, “tair annso agus chífir é.”

Nuair a chonnaic fear an tighe an poll—“Ó mhuise, go mbeire an Fear Mór gach a bhfuil do chearca agus d’uibhe agus do ghearrcaigh leis amach ar an bhfarraige!” ar seisean.

“Nár éisti’ Dia leat,” arsan bhean.

Ar dhul go dtí an poll dóibh chun é dhúnadh do bhí deich cinn eile de shicíní ann, agus an mháthair.

Is i gceann de sna tighthe meánacha bhí mo chliabhán-sa. Tigh beag cumhang go maith dob’ eadh é ach é bheith slachtmhar, an méid a bhí ann de, mar do bhí m’athair ana-chliste is níor bhuail aon leisce riamh mo mháthair. Turn olla aici, turn lín, cárdaí; do bhíodh uirthi snáithín do shníomh do’n dtáilliúir anuas de’n chuigíl le n‑a turn féin. Ba mhinic a shnímh sí do bhudóga ban eile, leis, é ná bíodh aon chló ortha féin chun a dhéanta agus dá mbeadh féin ná leigfeadh an leisce dhóibh é.

Timcheall deich mbliana tar éis phósta dhom do thógas tigh

  1. .i. dtiocfadh.
  2. .i. Ifreann.