Page:An t-oileanach.djvu/48

This page has been validated.
38
AN t‑OILEÁNACH

nua. Níor shín fear cloch chugham, ná mairtéal, faid a bhíos ’á dhéanamh agus do chuireas féin ceann air. Ní tigh mór é; mar sin féin dá mbeadh Rí Seoirse ar a laetheannta saoire ar feadh mí ann níorbh é gráinneacht an tighe ba ghalar báis do. Ceann feilte air, an saghas céadna atá ar gach tigh agus seomra ar an mbaile ó shin go dtí gur chuir an Bórd sé cinn de thighthe slinne suas. Le linn do’n tigh nua a bheith críochnaithe do léim cearc anáirde air. Do bhí m’úncail Diarmaid ag gabháil thar brághaid. Do stad sé ag féachaint ar an gcirc agus an t‑annrodh a bhí ag breith uirthi d’iarraidh fanúint anáirde air ach do chuir an feilt sleamhain anuas í.

“Tuille mór do’n tubaiste chughat an lá san do theacht ort gur chuir sé le faill tu,” arsa Diarmaid.

Le linn mise bheith beag dob’ iad Pádraig Ó Catháin agus, roime sin go maith, Pádraig Ó Guithín, an dá thaoiseach ba mhó a bhí insan Oileán. Pádraig Ó Catháin seo—athair críona an Rí atá anois againn—do chonnac féin ceathair nó cúig de bha bainne aige sin. Ní fheaca-sa an fear eile, an Guithíneach; clann a chlainne a bhí lem’ linn-se ann. Is minic a chuala go raibh ó hocht go deich de bha bainne aige siúd, láir chapaill agus céachta adhmaid. Láir dhearg dob’ eadh í. Do bhí an láir chéadna ag tarrac grin go dtí an seana-thúr atá annso, pé am a deineadh é sin,[1] agus b’é féin an giolla i n‑aois sé bliana déag. Do bhí Seán Ó Duinnshléibhe, file, ’n‑a bhunóic sa chliabhán an uair sin. D’fhág san sé bliana déag d’aois age athair críona an Rí ar an bhfile. Bhí leath dosaon tigh age n‑a leithéidí sin ann ná raibh ró dhona.

Saghas losaide an clár a bhíodh mar bhórd isna tighthe beaga—comhla go mbíodh gárda mór dtimcheall uirthi ná leigfeadh amach na prátaí ná aon rud do bheadh uirthi, agus fráma go mbíodh trí cosa fé, neart é dhúnadh isteach ’na chéile agus é féin agus an losad do chrochadh leis an bhfalla nó go mbeadh gnó arís dóibh.

Lá tháinig m’úncail Liam abhaile ó’n dtráigh, ocras agus faobhar chun bidh air. Do bhí fráma na dtrí gcos curtha ’n‑a

  1. Ceann de na túir Martello a tógadh le linn Napóleon.