Page:An t-oileanach.djvu/49

This page has been validated.
39
AN t‑OILEÁNACH

sheasamh agus an losad anuas air; í lán de phrátaí agus pé annlan eile do bhí leo. Do thuit cnap den losaid. B’eo leis an madra ’n‑a dhiaidh. D’árduigh leis an fráma agus an losad agus d’imigh a raibh uirthi an fuaid an tighe. B’eo an bhean ag bailiú na bprátaí. “Dar Muire, a bhean bheag, tá sé ’n‑a lá aonaigh agat!” arsa Liam.

Do bhíodh boulaí againn agus plátaí is gach tigh, mugaí adhmaid, cúpla cathaoir agus cúpla stól. Bhíodh na cathaoireacha fighte le súgán féir nó tuighe.

Croch iarainn a bhíodh an uair sin agus atá fós is gach tigh os cionn na teine chun rudaí a chrochadh ortha agus bhíodh tlú de shaghas éigin ar an dteinteán.

Tá cupaí agus sásair is gach tigh aca anois agus na dresseir lán suas go gléasta. Ní bhíonn ach na daoine amháin ins na tighthe comhnaithe anois; tá cróite amuich do gach ní eile.

Sligí agus úsc, faileóga nó geitirí ar an slige agus do réir mar bheadh sé ag caitheamh bheith ag cur air—b’in é an gléas soluis ba thúisce chonnac-sa. Ar ghabhair éisc a thagadh an t‑úsc agus as phullóga. Tumadh an ainm a thugaimís ar an mblonaig a bhíodh ins na gabhair; aedheanna an smeara a bhíodh ins na pullóga; iad san a leaghadh. Bhíodh íle róin, leis, mar sholas aca ach ba bheag a cuirtí ar an slige dhi mar d’alpaidís féin suas í, a gcuid aráin bhuidhe a thumadh innti, agus go mbíodh gádh leis sin. Dar liom go rabhas suas isna déagaibh go maith agus an gléas soluis seo ar siubhal.

Árthach beag miotail dob’ eadh an slige, déanamh báid nó naomhóige air agus gob nó dhá ghob air, trí nó ceathair de chosa fé agus lámh bheag nó cluas as a chliathán, ocht nó deich órlacha d’fhaid ann. Bhíodh an t‑úsc nó an íle róin istigh ann. Do deintí an gheitire nó an buaiceas a thumadh san úsc agus síntí amach thar ghob an tslige é agus lastaí annsan é. Do réir mar bhíodh sé ’á chaitheamh bhítí ’á shádh amach. An rud bán a bhíonn istigh i ngeitire iseadh bhíodh mar bhuaiceas