IV
SCOLAIDHEACHT AGUS FÁNAIDHEACHT
Ní raibh idir sinn féin agus an tigh béal-dorais ach an buaile, gan ar aon tigh aca ach aon doras amháin, buaile thíos aca san agus buaile thuas againn-ne, aghaidh an dá dhorais ar a chéile. Dá bur mhaith leis an gcailligh é do loiscfeadh sí mo mháthair i mbéal a dorais féin leis an uisce te gan a doras féin d’fhághaint agus do dhéanfadh mo mháthair léi-se an rud céadna. Is minic adubhairt mo mháthair liom-sa fanúint glan de’n mnaoi liath mar ná raibh aon deagh-mhianach innti agus gurbh’ í féin a bhí ag ceannach na síochána uaithe—rud dob’ fhíor di. Bhí croidhe fial aici, áfach.
Sí mo mháthair a dheineadh gach ní dhi mar ná raibh aon tslacht innti féin agus dar ndóigh ní lugha a bhí ná insa bhfear a bhí aici chun gnótha. Is é m’athair d’ fháisceadh gach uile ní dho—an ramhan, an ughaim, an díon ar an dtigh. N’fheaca riamh fear ba dhaille ar ghnó ná é, ach duine lághach ceart é.
Tomás Maol a tugtí air mar ná raibh oiread cnaipe de dhá chluais air. Ach do bhí meabhair na seacht bhfáidh ’n‑a cheann, insa tslí dá mbeadh tabhairt suas air go mbeadh an chraobh i nÉirinn go rábhach aige. Is minic a chuireadh mo mháthair mise go dtí é féachaint cathain a bheadh an lá saoire seo agus an lá saoire úd ann agus má mbíodh aon tsórt ’á ithe aca thagadh beirt idir me agus an doras chun go gcaithinn