Page:An t-oileanach.djvu/52

This page has been validated.
42
AN t‑OILEÁNACH

é ghlacadh. Ní raibh bothán bocht riamh dob’ fhéile ná é, agus ó thárla go bhfuil a raibh lem’ linn-se ann ar shlua na marbh agus mise beo, go dtugaidh Dia áit is fearr dóibh ná an bothán bocht dealbh úd.

Mac agus inghean do bhí aca. N’fheadar-sa an raibh a thuille riamh ann. Glibire beag ar nós a máthar dob’ eadh an inghean agus lúmaire beag gan anam dob’ eadh an mac agus, ar nós an athar, gan aon chlisteacht ann. Níor réidhtigh an fhairrge riamh leis. Ní tapúla do bheadh sé insa bhád ná bheadh an tonn-taoscach air. D’fhág san é gan aon tseilg a thabhairt riamh ó’n bhfairrge leis agus do bhíodh sé ’n‑a bhuachaill aimsire go minic.

Ní raibh aon duine óg ná aosta san oileán so agus isna paróistí amuich comh maith ná go raibh ’fhios age Tomás Maol cad dob’ aois do—an lá, an bhliain, agus an uair a chluig. Deireadh na daoine ná raibh a leithéid de shíofaróir insa cheanntar agus gan Á ná B aige i n‑aon teangain. Is minic adeireadh sé liom-sa go raibh bulóga na Nodlag beirbhithe an t‑am go rabhas féin ann, gurbh’ é Lá Shan Tomáis, a thagann trí lá roimh Nodlaig, a fuair mo mháthair ar an dTráigh Bháin me. “Ach an mó bliain anois é?” adeireadh an bhean liath leis. Is air ná bíodh an teip. “Cheithre bliana déag na Nodlag so chughainn,” adeireadh sé.

As san amach do bhíodh an chailleach ana-bhladartha liom mar do dhein mo thigh féin teachtaire idir an dá thigh díom. Is mó go mór a thugainn as mo thigh féin liom ná thugainn ann. Ní ’á mhaoidheamh san atáim. B’fhéidir nár mhó dá mbeadh an raghairse insa tigh eile.


Lá Domhnaigh is cuimhin liom, gach giarsach agus teallaire garsúin ag tabhairt a n‑aghaidh fé’n dTráigh Bháin, camán age gach nduine, prátaí agus ní arán a bhíodh ithte age gach n‑aon. An uair a fuaireas ullamh me féin, mo bhalcaisí fáiscithe suas orm, bríste nua glan de ghlas na caorach, mo chaipín póilín agus an dá bhais air, mo cheann sáidhte síos i