Page:An t-oileanach.djvu/53

This page has been validated.
43
AN t‑OILEÁNACH

méis uisce agam agus m’aghaidh go glan scriosta. Ní h‑í mo mháthair a bhíodh á dhéanamh san uair seo mar bhíos im’ chleithire fir, a mhic ó!

B’eo liom fé’n dtráigh agus mo chamán agam—sámhthach aitinn go raibh cor cam ann. Do bhí Nóra agus Eibhlín i n‑éineacht liom agus níor stadamair de’n raibh nó go rabhamair istigh i gcorp na tiomána agus gan bhróg gan stoca ar chois aon duine d’á raibh ar an dtráigh. Ní bheireadh aon lá cruaidh ar na h‑ógaibh ach an lá so an bháire gach Domhnach.

Do chonnaic duine éigin bád ag teacht ó Dhúnchaoin fé lán tseol ach nuair a bhí sí ag déanamh ar an gcalath d’fhág gach nduine againn an tráigh agus chuamair fé dhéin an bháid. Do bhí bean ’n‑a deire, maighistreás nua, drifiúr de’n chéad cheann, Cáit Ní Dhonnchadha—cailín breagh dathúil.

Scoil Dia Luain gan amhras agus b’eo le gach nduine ’na phost féin. Ar mh’fhallaing gur bhain an Rí amach a áit féin i n‑aice liom.

Ós deich mbliana bhíos ag dul ar scoil an chéad lá dom (1866) d’fhág san an t‑am so mise cheithre bliana déag d’aois, sé sin an bhliain 1870. Do bhí leabhair bheaga nua aici seo ’á thabhairt amach. Do bhí an clár dubh go gnóthach aici agus thagadh dhá shúil mhóra dhi mar is beag a chuireadh sí ar an gclár ná go ndeineadh duine éigin é réidhteach agus b’éigean di é neartú.

Do bhí ana-dhúil ag ógaibh an oileáin seo san obair nua so agus ó’n uair go raibh do bhí mianach fé leith ionnta chun foghluma. Cuid againn agus mianach Rí ann, mianach na mara agus na fairrge móire ionnta uile. An sioladh gaoithe a ghluaisíodh ó bhruachaibh na mara ag bualadh ins na cluasa gach maidean ortha ag glanadh na h‑incheann agus na smúite as a bplaosc.

Cé go raibh adhbhar an Rí i n‑aice liom-sa agus ná cuirfeadh úird mhuilinn an iarainn óm’ threo é, pé ceann a thóg sé dhíom, ní chun cinn a bhí sé am’ chur mar bhíodh súil thall agus i bhfus aige agus é go mí-shuaineasach. Sin é locht is mó a