Page:An t-oileanach.djvu/54

This page has been validated.
44
AN t‑OILEÁNACH

bhíodh agam air mar do chuireadh sé amú me go minic an uair is fearr a bhínn i dtosach mo dhreise. Do bhíomair ag déanamh go maith; ach níor mhiste-de linn an Satharn i gcomhnaidhe a bheith i n‑aice linn chun a bheith ag ramsáil dúinn féinn pé áit gur mhaith linn é.


Is maith is cuimhin liom Satharn aca tar éis Lae ’le Pádraig. Bliain bhreagh chiúin dob’ eadh í agus do bhí iasc tearc sa bhaile an t‑am sin. Do bhuail m’athair an doras isteach, é tagaithe ó’n ngort agus gan biadh ná beatha roimis.

“Cad a thug a bhaile thu?” arsa mo mháthair leis.

“Tá an lá ana-bhreagh, ana-chiúin,” ar seisean. “Dá mbuailfeadh aon phortán liom b’fhéidir go marbhochainn stropa ballach,” ar seisean agus do bhuail amach aríst.

Cad deire liom féin ná gur lean é agus nuair a chonnaic sé ’n‑a dhiaidh me—

“Cá raghair-se?” ar seisean liom-sa.

“Bead i n‑éineacht leat-sa. Coimeádfad má bhíonn aon phortán agat,” arsa mise.

Soir ó chalath na mbád do ghaibh sé. Do chuaidh sé amach ar oileán do bhí ann. B’éigean do dul ’on tsnámh. Do chuir a cheann síos fé uisce agus thug aníos dhá phortán as aon chumar amháin agus thug leis iad mar a rabhas-sa im’ stad, thug dom le coimeád iad—collach agus fuaisceán. Sin é an ainm a bhíonn ortha so a bhíonn i n‑aon chumar amháin.

Collach an ceann fireann agus ní fada a bhí sé im’ sheilbh an t‑am gur leath a chrúb ó chéile agus le linn iad d’iadhamh do ghreamuigh sé ar órdóig me agus ar an méir ba ghiorra dhi agus n’ fhéadfainn hobadh ná hé a bhaint as. B’eo gach aon scread agam ar uathbhás agus do chualaidh m’athair de gheit me agus tháinig de sciúird reatha mar a rabhas mar d’aithin sé go maith bun an ochláin a bhí agam-sa. Do bhí crúb an chollaigh chomh fáiscithe sin ionnam gurbh’ éigean dom’ athair í bhaint de’n phortán agus tar éis sin féin a dhéanamh n’fhéad sé an crúb a bhogadh gan í bhriseadh le cloich.