Page:An t-oileanach.djvu/55

This page has been validated.
45
AN t‑OILEÁNACH

Seadh, do bhí mo dhá mhéir as úsáid agus mar bharr ar an aindeise dob’ í an lámh dheas í. Do bhí mo chuid fola ar na bánta agus na méireanna chomh dubh le gual ach bhí m’athair sásta ó’n uair nár chuireas aon laige dhíom, cé gur chuas ana-ghairid do. Níonáil a bhí le n‑a hata a chas sé ar mo mhéireanna. Do cheap sé go mbeadh mo mháthair mí-chéadfhach leis i dtaobh me leigeant le n‑a chois, ach ní raibh. Do ghoill sé go maith ar na driféaracha nuair a chonnacadar an cló bhí orm tar éis an lae. Do chuir mo mháthair síos go hobann i n‑uisce bhog mo lámh agus do nigh go slachtmhar í. Do chuaidh san go h‑ana-mhaith dhi. Fuair sí plástra agus d’fháisc sí suas í. Do ghlan an gomh go léir leis do bhí innti.

Do bhíos ag seinm Dhomhnaill na Gréine láithreach. Tháinig an bhean liath, leis, ar mo thuairisc. Má bhí sí suainseánach féin níor mhaith léi gan méireanna me. Gheobhaidh sí a ceart féin uaim ó’n uair nách féidir liom mo bheatha féin a chraobhscaoileadh gan í tharrac chugham go mion, minic mar nárbh fhéidir liom amharc na spéarach d’fheiscint aon mhaidean san mbliain gan a pictiúir a bheith le fagháil agam.

Cheithre portáin do bhí age m’athair. Do bhuail chuige i mála iad agus do bhuail an cnoc amach. Chuaidh sé tamall siar sa chnoc ag baint na ndóightheanna is fearr amach, thug taoide de’n lá amuich, agus breis, agus ní folamh a tháinig sé. Do bhí lán an mhála de bhallacha móra breaca aige agus an uair do scaoil mo mháthair amach as iad do bhí colais ann. Rug sí ar cheann mór do bhí ortha agus do chas orm féin leis.

“Seo, ’Thomáis, a bhuachaill, tabhair é seo go dtí an mnaoi liath leat.”

Níor thugas an t‑eiteach dom’ mháthair siúd is go mbuailfeadh an leisce féin me—rud nár bhuail. B’eo liom amach agus an ballach agam agus do shíneas chun na caillighe í. Do leath a súile uirthi cá bhfuaireas é mar ná raibh ’fhios aici fós go raibh faic age m’athair. Níor dhuine me nár thaithin an uair sin léi pé uair eile ná bímís geal d’á chéile. Do