Page:An t-oileanach.djvu/56

This page has been validated.
46
AN t‑OILEÁNACH

chrom sí ar bheith chomh tláth sin liom gur dhóigh leat uirthi gur me Dia beag aici.

Do bhí Tomás Maol istigh, fear a’ tighe; do bhí an inghean istigh agus an mac. Iad tar éis bídh do bheith caithte aca. Biadh an tráthnóna do bhíodh mar ainm ar an mbiadh sin agus biadh na maidine ar an mbiadh ar maidin, mar ná bíodh ar siubhal san am san ach dhá bhiadh sa ló.

“A’ bhfuil aon rud agat le tabhairt do?” arsa Tomás Maol.

“Níl ach rudaí atá aige féin cheana,” ar sise, “ach tabharfad an inghean do an uair a bheidh sé cúpla bliain eile!”

Cé ná féadfadh sí aon tseoid eile do bhronnadh orm i gcionn dhá bhlian ba luachmhaire ná an ní d’fhág a creatlach féin is amhlaidh a thuigeas-sa láithreach gur mhó de dhochar a dhéanfadh a tairiscint sin dom ná de mhaitheas. Do chuir an ballach breac agus cómhrádh na caillighe go h‑umar na h‑aimléise me. Níorbh’ iongnadh agus an gheallúint a bhí tugtha aici dhom an uair a bheadh an dá bhliain caithte.


Thug an mhaighistreás nua so trí bliana eile ’nár measc nó gur imigh galar a driféar uirthi—sé sin glaodh chun pósta uirthi. Ó cheanntar an Daingin dob’ eadh a muinntir. Buachaill ó’n mbaile mór do phós í, fear deas i bpearsain is i méinn.

Ceann de sna laetheannta agus sinn ar scoil do ghluais an bád ó Dhúnchaoin. Do bhí faire amuich ar gach bád a thagadh isteach mar do bhí droch-dhaoine ag gluaiseacht go tiugh an uair úd, tiománaithe agus báilí chun pé rud do bheadh le fagháil aca a thógaint uait agus leigean duit féin bás de’n ocras d’fhagháil.

Ach ní h‑aenne ’ca súd do bhí insa bhád an lá san ach cigire na scoile. Ar chloisint sin dúinn ní rabhamair istigh linn féin. Do bhíodh teallaire ag dul go dtí an doras de shíor féachaint cathain a bheadh sé le feiscint. Stonaire maith