D’aon tseáp amháin do bhíos thuas ar an dteinteán ’n‑a teannta.
“A Mhuire Bheannaithe! cad a chuir id’ shuidhe comh moch tu nó cad é an fuadar atá fút?” ar sise.
M’athair an chéad duine eile d’éirigh agus do chuir air suas a chuid éadaigh nua. Do chuir sé a cheann ’on doras. Annsan dubhairt le Cáit mo bhalcaisí nua a thabhairt domh-sa. Ní raibh ’fhios aici go dtí san cad é an fuadar a bhí fúm-sa.
Do bhuail m’athair chuige lán mála de chroicinn coinín agus b’eo linn go dtí an calath. Do bhí gach duine ag teacht mar bhíodh ullamh nó go raibh criú an bháid le ’chéile. Tagaid siad ó’n dá thaobh di agus cuirid de’n ráib sin go mbuailid amuich ar an mór-mhuir í. Maidí isteach innti agus seolta. Tugaid a tosach do mhuir agus a deire do thír, mar bhíodh ’sna seana-scéalta fadó.
Gléasadh dhá sheol fúithi, cabhair dheas ghaoithe aici soir tré bhágh an Daingin. Do bhí slataire eile mar mise innti, mac úncail dom go raibh Diarmaid mar ainm air. An t‑am go raibh an bád Ceann Sléibhe soir do bhí Diarmaid ag atharú ’n‑a dhath agus é comh bán le páipéar. Do bhí ’fhios age sna fearaibh cad ba bhun le atharú datha a theacht air ach bhíos-sa dall air sin. Do cheapas gur ag foghluim an bháis a bhí sé. Tháinig a athair ag triall air agus dubhairt leis dá gcuirfeadh sé amach ná beadh seoid air.
Do bhí an bád ag cur di go binn an uair seo mar bhí a thuille agus a dóthain gaoithe ann. Ní ró fhada go ndubhairt fear go raibh Diarmaid ag cur amach. Do bhí, leis, an fear bocht, agus an méid gráinseála do bhailibh sé siar ar maidin é caithte thar bórd aige agus é ’na bhiadh faoileann. Mise agus gach aon scearta gáire agam agus Diarmaid ag gol.
Úncail dom a bhí ag stiúradh an bháid agus do bhínn ag cur cheisteanna air—cad mar gheall ar gach ní suaithinseach a chínn. Do bhí tigh mór slinne i lár feirmeach ann.
“Cé bhí nó tá insa tigh sin?” arsa mise leis.