“Duine ná raibh ar fónamh,” ar seisean, “Bess Rice. Ar chualaís trácht tháirse riamh?” ar seisean.
“Is minic a chuala age m’athair agus age Tomás Maol, leis,” arsa mise.
Ar dhul i radharc Chuan breagh leathan Fionntrágha dhúinn, bhí mórán tighthe geala agus móra le feiscint againn. D’innis dom gach ceann aca—an Séipéal Catoilicidhe agus an Séipéal Gallda, Tigh na bPóilíní agus tighthe Gárda an Chósta agus gach ní eile gur chuireas suim ann.
Do bhí mo chomh-pháirtidhe ag teacht chuige féin an uair sin tar éis a raibh ’n‑a chorp a bheith sciobaithe age sna faoilinn uaidh, glór beag lag ocrach aige agus cuma mhillte mharbh air. Do dhruid sé siar liom-sa mar a raibh fear na stiúrach. Úncail do Dhiarmaid, leis, dob’ eadh é.
“An fada uainn Cuan a’ Daingin?” ar seisean leis an gcaptaen.
“Ar mh’fhallaing go bhfuil sé tamall maith fós uait, a bhuachaill mhaith,” ar sé siúd, “agus is dócha ná béarfaidh sé beo ort toisc ná fuil id’ chorp ach na putóga; agus nách breagh ná fuil aon ghaol agat leis an slataire eile sin,” ar seisean.
Ní raibh an focal as a bhéal an t‑am go bhfeacaidh na fearaibh cóch trom gaoithe agus dob’ éigean an seol deire do leagadh agus is ar éigean a thug an bád an seol tosaigh féin léi do gheal an fhairrge chomh mór san.
Níor mhór an aimsir eile thóg sí an t‑am gur bhain sí béal an chuain amach. Do cheapas féin ná raibh aon chuan ann an t‑am go raibh a leath curtha againn dínn bhí sí comh cumhang san, ach i gcionn tamaill do leathnuigh sí go breagh agus do bhí sé ar nós an locha.
Do shroicheamair an cé agus do bhí oiread muga de dhá shúil agam. Chonnac daoine uaisle ’n‑a seasamh ann agus slabhraí timcheall a mbuilg, daoine bochta agus gan a leath-cheart d’éadach ortha, duine martraithe thall agus i bhfus timcheall ann, duine caoch agus giolla aige. Do bhí trí