Page:An t-oileanach.djvu/62

This page has been validated.
52
AN t‑OILEÁNACH

long mhór ar thaobh de’n gcé, iad ládálta le h‑earraí ó thíortha thar lear, gráinne buidhe i gceann aca, adhmad i gceann agus gual i gceann eile.

Níorbh’ fhada gur ghlaoidh m’athair orm go raibh gach ní ullamh agus go raibh na fearaibh ag gabháil suas fé’n mbaile mór. B’eo linn, me féin agus an slataire Diarmaid agus cé gur beag a bhí ’n‑a chorp tar éis na pasáiste aniar dob’ fhearr leis a bheith ag féachaint ar na luingeasaibh ná glaodhach chun bidh air. B’eo le gach nduine do bhí insa bhád, beag agus mór, isteach i n‑aon tigh amháin.

Do bhí bórd aráin agus té againn agus geallaim-se dhuit ná raibh mórán cainnte ar siubhal nó go rabhamair i mbuille do bheith sásta. Dhíoladar bean a’ tighe agus amach le gach nduine. Tigh an tsalainn an chéad tigh eile. Do bhí a mhála féin age gach fear. Cuireadh dhá chéad salainn is gach mála agus do fágadh annsan é nó go mbeimís ullamh chun teacht. Do leanas m’athair annsan is gach tigh gur chuaidh sé agus cé go raibh athair Dhiarmada féin ann níor fhág sé an chos agam-sa. Ní raibh póca an bhríste ghlais folamh ó airgead an lá úd.

An uair a bhí an bád ullamh chun seoladh ag teacht abhaile, sin é an uair a chuarduigh m’athair mo phócaí agus mar ba phrás an chuid ba mhó de do bhí cnocán ann. An uair a dhein sé é chóimhreamh:

“Dar a’ bportús! tá fiacha na mbróg agat go dtí aon scillin’ amháin,” ar seisean.

Cé bheadh ar an bhfód ná drifiúr do insan am chéadna. Bean dob’ eadh í do bhíodh insa Daingean i gcomhnaidhe—tamall annso agus tamall annsúd aici.

“Má tá,” ar sise, “seo an scillin’ leis duit agus cuir na bróga air ó’s é an chéad lá riamh aige ag teacht ann é.”

An t‑am gur chuala an focal san agem’ aintín ’á rádh do phreab mo chroidhe le h‑áthas mar do bhí ’fhios agam ná raghadh m’athair i ndiaidh a chúil. B’fhíor dom.