Triantán de chíste buidhe do cuireadh chun beirt againn do bhí insa Daingean, agus sáspan bainne. Ní raibh aon bheann ar iasc againn—bhíomair cortha aige. Do phreab Nóra ’n‑a seasamh agus thug léi cheithre cinn d’uibhe.
“Do cheapas,” arsa mo mháthair, “ná raibh aon ubh insa tigh indiu.”
“Anáirde i ndrom a’ tighe a fuaireas nead circe indé go raibh ocht gcinn d’uibhe innti,” ar sise.
“Is fada go mbuailfeadh nead circe ná coiligh leat i ndrom tighe slinne,” arsa Cáit go seana-chríonna.
An uair do smalcas féin mo channta aráin bhuidhe agus mo sháspan bainne agus mo dhá ubh siar do bhuaileas amach agus níorbh’ aistear liom bualadh isteach chun na caillighe chun go mbeadh tamall grinn agam aisti mar do bhíos comh deagh-Ghaoluinneach léi féin san am san.
Do chuir an bhean bhocht fáilte rómham ó’n nDaingean.
“Go mairir agus go gcaithir do bhróga agus nach maith luath do chuireadar ort iad,” ar sise.
An uair a chonnac comh síbhialta agus do bhí sí liom do chuireas lámh im’ póca agus thugas ubhall di agus ubhall do gach nduine aca agus mílseáin, leis, mar do chuir mo mháthair ar mo shúile dom san a dhéanamh. Do phreab sí ’n‑a seasamh agus gach aon phroms aici ’á bhaint as an ubhall mar bheadh capall ’á chogaint agus do thóg sí as chorcán leath coinín agus do shín chugham é.
“B’fhéidir go mbeadh dúil annsan agat,” ar sise, “ó taoi féin comh fearúil.”
“Ach ní féidir liom é ithe,” arsa mise.
“Tabhair dod’ mháthair, mar sin, é,” ar sise.
Thugas an coinín abhaile liom agus do shíneas chun mo mháthar é. Thug sí dhom ceathrú de agus do phiocas í. Do bhí an oidhche gearra agus is gairid dom go raibh codladh ag teacht orm agus gur chuas ’on “bhinn-bháin.” Do thuiteas im’ phleist go luath mar do bhíos tnáithte tar éis mo thurais