Dia Luain, ó’n uair ná raibh aon scoil ann buaileann an Rí chugham isteach cuibheasach moch ar maidin. Do bhí a chuid bidh ithte, leis, aige agus mise díreach ag tosnú leis. Císte breagh bog buidhe agam ná raibh ach tógtha de’n teine agus “ó b’annamh leis an gcat srathar a bheith air,” mar adeireadh an fear fadó le h‑aon rud iongantach, do bhí ailp ime agam leis. Do bhí bó mhaith bhainne againn agus do dhein mo mháthair i stán mór cnapán maith ime. Do bhí gabhar buidhe agam agus sáspan bainne agus rud dob’ fhearr ná san go léir muileann agus cairb chun a meilte. Do bhí mo mháthair ag tathant ar an Rí cannta de’n arán buidhe agus cuid de’n im air a dh’ithe ach ní dhéanfadh. Is deárthach nár fágadh aon ocras air féin an mhaidean san. Is fada go sínfeadh mo mháthair an cannta buidhe chuige dá mbeadh ainm an Rí air an uair sin ach ní raibh.
Is é gnó do bhí ag an Rí dhíom ná chun dul ag iascach ar na clocha dá mbuailfeadh aon phortán linn chun baighte.
“Tugaidh aire daoibh féin,” arsa mo mháthair, “ag lorg na bportán, mar níl aon tráigh ann ach tráigh mhallamhrach.”
B’eo linn an doras amach agus dob’ eo ag lorg sinn ach ní raibh faic ag bualadh linn.
“Níl faic isna cumair bheaga so,” arsan Rí; “is fearr dúinn caitheamh dínn anuas agus dul fé uisce insan áit go mbuailfidh siad linn.”
Ní raibh an tarna focal air an t‑am go raibh an bheirt againn ’ár dhá ngeilt agus b’eo le beirt againn ag dul fé loch agus ag teacht ar barra. Do chuas féin i bpoll go raibh m’aoirde ann agus an uair do chuireas mo chos ’on chumar do bhuail portán liom ann. Ba dheacair dom agus ba dheacair liom mo cheann a chur comh doimhin lem’ chosa ach ba dheacra ná san dom an rud a bhí uaim a dh’fhágaint im’ dhiadh. Do chromas síos ach ní leigfeadh an t‑uisce síos me agus níorbh fhéidir liom mo lámh a chur go dtí an bportán.
Do ropas mo chos arís ’on chumar agus cad deire liom ná gur thug aníos é ar leath-ordóigh mo choise. Portán mór