Page:An t-oileanach.djvu/68

This page has been validated.
58
AN t-OILEÁNACH

fireann dob’ eadh é agus is gnáthach nuair a bhíonn a leithéid i bpoll go mbíonn an portán baineann ’na theannta. Chuireas mo chos síos aríst agus do bhuail an ceann eile liom ach ba lugha é ná an chéad cheann agus ní raibh dochar orm é thabhairt liom. Do bhí mo dhóthain baighte agam-sa annsan i gcomhair an lae.

Tháinig an Rí orm agus a chuid éadaigh fáiscithe suas air.

“Téanam leat,” ar seisean, “tá ár ndóthain baighte againn i gcomhair an lae. Tá dhá phortán mhaithe agam-sa agus dhá cheann agat-sa.”

Do chuireas orm. B’eo linn an chloch amach. Do bhí air dul go barra an bhaile mar bhí dorú agus dubháin uaidh. Do bhí sé chugham de gheit. Do bhuaileamair siar chun Rinn Dhuinnshléibhe, file an oileáin. Do bhí ballaigh ag breith go tiugh orainn agus breac-cheann maith ’á chur tharainn suas. Fé dheire agus me ag caitheamh amach cad a raghadh ceangailte im’ mhéir ná an dubhán.

Do bhí mo chuid éisc-se marbh annsan. B’éigean don Rí an lusna bhí ag coimeád an dubháin do’n dorú a ghearradh leis an sciain. Do bhí an dubhán im’ mhéir agus an lusna ar sileadh léi. Ní raibh pian mhór orm mar ná raibh an dubhán ró dhoimhin.

Do bhí dachad ballach againn—fiche ag an nduine againn. Thug an Rí iad ar fad abhaile leis agus is ag ár dtigh-ne do dheineamair iad a roinnt. Baineadh an dubhán láithreach mar chuir Cáit an rásúr ag gearradh an ghreama a bhí air.

Do ghoill an mhéar go maith orm agus ní ró bhog do fuaireas me féin réidh uaithe. Do bhíodh Tomás Maol gach oidhche againn go h‑aimsir chodlata. Cuileachta bhreagh dob’ eadh é agus ní bhraithinn an mhéar thinn leath faid a bhíodh sé ag cainnt agus ag cur síos ar chruadhtan an tsaoghail a bhí curtha aige dhe agus cé go raibh m’athair suas le bheith comh h‑aosta leis ní raibh sé leath comh maith leis chun síofróireachta agus chun cuimhne bheith ar gach ní.

“N’fheadar,” arsa m’athair leis an oidhche seo, “cad