Page:An t-oileanach.djvu/70

This page has been validated.
60
AN t-OILEÁNACH

ar chuid éigin aca, siúd is ná féadfadh a mbád san an fear is fiche eile a thabhairt léi i dteannta a raibh d’á muinntir féin innti cheana,” arsa m’athair.

“Ní raibh sé ’n‑a gcumas iad ar fad a thabhairt leo,” arsa Tomás Maol, “ní lugha ná bhíodar i mbun é dhéanamh mar dheineadar súd lámh láidir ortha sa luing agus thógadar amach as an mbád uatha aon rud go raibh aon ghnó aca leis ná do thaithin leo féin, agus ní leigfidís i ngoire na luinge iad ó thánadar féin suas.”

“Is dócha,” arsa m’athair, “go raibh gaol age treibh an dá bháid le n‑a chéile.”

“Bhí,” arsa Tomás, “agus gaol gairid age cuid aca le chéile agus ba dhóbair go ndéanfadh san díobháil mhór do bhád an taoibh seo mar do bhí fear d’iarraidh fir gaoil do do thabhairt isteach agus é greamaithe do bhais an mhaide rámha. Ach do chuir an captaen stop leis agus dubhairt sé: “Beidh fear agus fear eile d’iarraidh a ngaolta féin do thabhairt leo agus ní dhéanfadh an bád an bheart.” Cailleadh an fear is fiche do bhí i mbád na nGort nDubh agus tháinig bád Dhúnchaoin agus a fuireann fear saor sábhálta abhaile.

“Ba mhór an formad a bhí ag an muinntir thuaidh leo, is dócha,” arsa m’athair le Tomás.

“Dhera ’dhuine!” arsa Tomás, “bhídís ag faire ortha age pobal agus ag aonach. Ná tagaidís adtuaidh i gcorp na hoidhche. Théighidís isteach is na tighthe agus thugaidís cuma-bhrú do mhuinntir an tighe. Mharbhuigheadar corránach breagh mic do bhí age bean mhuinnteardha dhom i muileann Bhéal Átha annsan amuich agus gach lá margaidh i nDaingean Uí Chúise do bhíodh seisear agus seachtar i ngádh an tsagairt tar éis cathanna an lae.”

“Agus cad a dhein an tsíbhialtacht eatartha insa deire?” arsa m’athair.

“Inneosad-sa san duit. Inghean le treibh na gcros do phós fear i nDúnchaoin—b’in é an chéad réidhteach a tháinig