Page:An t-oileanach.djvu/73

This page has been validated.
63
AN t‑OILEÁNACH

iongantas an domhain ar lucht an bháid an uair a chonnacadar ná raibh na mná ag fágáil na h‑áite agus do bhíodar féin ag maolú an tsiubhail ar dhruidim isteach dóibh.

Fé dheire bhuaileadar srón an bháid sa chloich agus beirt aca ’n‑a tosach gan aon ghnó ach a ngunnaí i bhfearas aca i gcóir aenne dhéanfadh aon bhagairt ortha. Comh luath agus bhí an chéad fhear aca amuich as an mbád, do scaoil bean bolán cloiche síos a chuaidh ana-ghairid do sna spearacha do bhaint de. Thug sé súil-fhéachaint ar bharra anáirde agus do dhírigh an gunna ortha; ach níor chorruigh aon bhean amháin ach rang déanta aca ar bharr an chalaith.

Níor ró fhada gur leig bean eile cloch síos, agus bean, agus bean, nó gur bhaineadar fothrom agus macalla as an gcladach. I n‑ionad a thuille fear a theacht as an mbád is amhlaidh dob éigean dóibh an fear a bhí i dtír aca do thógaint isteach gan ró-mhoill agus glanadh leo chun na fairrge amach agus deabhadh ortha.

Do bhí dhá bhád mhóra eile ’n‑a gcoinne isteach agus chuadar chun cainnte léi. Thugadar san a n‑aghaidh fé’n gcalath lán d’fheirg agus d’olc. Do bhuaileadar san snimine a mbád ’on chloich go tapaidh agus chuireadar fir i dtír agus má chuireadar níorbh’ fhada go raibh cith chloch lastuas díobh agus fear aca buailte i gcró an bhathais agus é leagaithe i n‑imeall na gcos aca. Do bhí an chloch éadtrom mar is giarsach bheag a chaith í. Bheadh sé ’na chorpán mharbh dá bur bean acmhuinneach a chaithfeadh í.

Thug na captaení órdú bheith istigh ins na báid gan mhoill. Do bhíodar, cé go rabhadar mall d’iarraidh an fear leath-mharbh a thabhairt leo. Do bhí na trí báid lán de dhaoine armtha ar snámh tamall amuich ag déanamh comhairle agus as an gcomhairle thug na trí báid fé isteach arís mar do cheapadar go raibh deire na bpléar caithte age sna mnáibh. Do bhí leachtán eile cloch cruinnithe age sna garsúin agus b’eo leo ag rúideadh le fánaidh agus, cé gurbh’ eaglach iad an dream airm go scaoilfidís an teine ar na mnáibh, ní raibh