mhaor chomh fada siar leis an Túr gan aon ní fhagháil. Do chuir sé a thuille comh fada siar le leath an oileáin ach dob’ é an scéal céadna é. Dá sheana-mhiúil do bhuail leo ná raibh beo díobh ach an dá shúil. Do cuireadh ceist ar an Sirriam an raibh sé chun na miúlacha a thabhairt leis. Ní bhéarfadh. Do bhí eagla air “go mbeadh na daoine ag magadh fútha,” ar seisean. Do ghluaisíodar abhaile insan imeacht céadna go dtánadar gan bó, gan capall, gan caora.
Oidhche fhuar gheimhridh do bhuail Tomás Maol chughainn isteach—agus ba ghnáthach leis sin. Do bhí teine mhaith mhóna ar dearg-lasadh ag dul anáirde thríd an siminé agus mar ná raibh an tigh ró mhór bhí brothall istigh ann d’á fhuaireacht a bhí sé amuich. Do bhí an fear maol tagaithe sara ráinig liom-sa bheith glan ó’n dtigh. Ag bothánt’íocht a bhí na h‑óga eile imithe. Sean-nós dob’ eadh é agus tá sé mar nós óg fós againn.
“Dá mbeadh ciall agat,” arsa mo mháthair liom féin ar dtúis, “d’fhanfá istigh age baile ó dhul i dtighthe aragail ná fuil teine ná teas ionnta agus beidh cuileachta bhreagh i dteannta t’athar agus Thomáis Mhaoil agat,” ar sise.
Ní h‑í an chomhairle sin óm’ mháthair is mó do mhaoluigh me ach bhíos ana-thugtha do sheanchas Thomáis agus thógas de rogha bheith ag éisteacht leis.
Sé an chéad scéal do chuir an bheirt ar bun ná “An Long Dhóighte.”
“A Thomáis,” arsa m’athair, “ba mhór an lá alluis lá úd an árthaigh dhóighte.”
“Ba mhór,” arsa Tomás, “níor mhór ná gur cailleadh beirt do bhí ’ár mbád-na tar éis stad dóibh.”
“Ba bhun tuiscionna dhúinn,” arsa m’athair, “ó’n uair ná raibh an long ag stad go raibh rud éigin ’á cur chun siubhail agus nárbh’ aon teine bhí fachta aici, gan seol gan gaoth ’á tiomáint agus sinn-ne isna báid ’na diaidh