Page:An t-oileanach.djvu/76

This page has been validated.
66
AN t-OILEÁNACH

aniar agus ár gcaolán amuich againn ag rámhaidheacht d’iarraidh teacht suas léi, agus ná féadfaimíst.”

“B’in í an chéad long ghaile a ghaibh an treo so agus cheapamair gur trí theine bhí sí agus siúd linn sa rás ’n‑a diaidh. Go Luimne a chuaidh sí le gráinne buidhe go dtí an Ruiséallach,” arsa Tomás.

“Bhí báid ó Dhúnchaoin agus ó Pharóiste an Fhirtéaraigh ar an bpasáiste ó thuaidh leis,” arsa m’athair.

“An fada ’n‑a dhiaidh sin a tháinig na buláin reamhra?” arsa m’athair.

“Bliain díreach insan earrach a bhí chughainn an tseachtain roim Féile Pádraig,” arsa Tomás.

“Nach éachtach ar tugadh i dtír aca agus iad foláin glan,” arsa m’athair.

“N’fheadair aenne é,” arsa Tomás. “Bhí dhá shoitheach déag ar salann i n‑aon tigh amháin sa bhFearann i bParóiste an Fhirtéaraigh aca.”

“Is annso is lugha deineadh lámh ortha, is dóigh liom,” arsa m’athair.

“Is eadh. Bhí bun aca leis mar bhí an aimsir ró láidir agus ní raibh sé ’na gcumas dul d’iarraidh an tsalainn. Ach d’á olcas an chóir a bhí aca bhí feoil bliana ag an té ba lugha aca. Bhí sí thar bliain agam féin agus ba mhe an fear ba lugha ar fad do shábháil í mar nár ráinig an salann agam,” ar seisean. “Déarfainn go raibh cion do chíosa agat-sa dhi, a Dhomhnaill.”

“Bhí cheithre shoitheach lán go bruach saillte leasaithe agam di,” arsa m’athair.

“Ba mhór an bhliain phrátaí í siúd agus éisc, leis,” arsa m’athair.

“Dhein gach fear ’ár mbád-na deich bpúint fhichead,” arsa Tomás.

“Is dócha gur bliain aca san a tháinig ‘Nóra Chríonna,’ a Thomáis.”

“An bhliain ’n‑a ndiaidh. Níor deineadh aon phúnt an