Page:An t-oileanach.djvu/78

This page has been validated.
68
AN t‑OILEÁNACH

“níor bhain sé pingin bhreise d’aon duine ó’n chéad lá do fuair sé an teideal.”

“Tá san fíor, a Thomáis, ach is minic a chuireadh sé annródh maith ar dhaoine chun friotháilt air féin. Chaitheadh báid dul leis le feamnaigh agus le h‑iascáin chun leasaithe agus ag bearradh caorach gan pádh ná biadh ach droch-bhiadh—cannta d’arán bhuidhe beirbhthe trí lá le muga de sciodar bainne géir go mbeadh an barra cúpla lá dho. Agus ó mhair na daoine ’n‑a dhiaidh agus nár bháid sé iad rithfidh go deo leo.”

“Ó! go raibh mallacht na gceithre feara fichead air!” arsan fear maol, “ba dhóbair go bhfágfadh sé amuich an bád go rabhas-sa innti agus sinn ó thuaidh thríd a’ dtaoide agus í lán d’fheamnaigh duibh ag dul go Cuan a’ Chaoil. Bhí an taoide ró árd agus an bád ró dhoimhin ach do chuir beirt d’fhearaibh maithe bhí innti i bhfarraige cúig nó sé de bheartaibh di.”

“Thug sé criú dhá bhád againn-ne ag bearradh caorach go h‑Inis Mhicileáin[1],” arsa m’athair; “thóg sé trí lá uainn iad a bhearradh. Do bhí raic sábhálta ag an bhfear a bhí i mbun na cloiche. B’éigean dúinn an raic a thabhairt soir go Béal Dearg.”

Níor bhraitheas an oidhche ag an mbeirt ag cur ’s a’ cúiteamh mar seo le chéile.

  1. .i. Inis Mhic Fhaoláin (?litriú)—ceann d’insibh na mBlascaod.