Page:An t-oileanach.djvu/79

This page has been validated.

VII
DEIRE LE SCOIL AGAM

An seana-shaighdiúir máighistir, an cigire chuige, mise im mhúinteóir! ag fiadhach ar choiníní.

Lá breagh Domhnaigh do ghluais bád isteach ó’n dtír agus daoine stróinséartha innti. N’fheadair aenne cérbh iad féin nó gur shroicheadar na daoine ar bharra an chalaith.

Scriosúnach d’fhear mhór árd lom dob’ eadh é agus cuma dhroch-shláinteach air agus cuma chríona ’n-a theannta san. Bhí sé pósta agus a bhean ’n-a theannta agus beirt leanbh aca. Bhí trí cosa fé’n mnaoi, cos chliste, cos ghearra agus cos mhaide. Do leig duine thoir agus duine thiar giota gáire as agus dubhairt duine: “D’á aimilitheacht atáid siad,” ar seisean, “nach maith atá na páistí aca.” “Sé sin toil Dé, a dhuine,” arsa duine eile, d’á fhreagairt, go raibh breis d’aitheanta a chreidim aige.

Do bhaineadar tigh na scoile amach. Bhí deighilt insa tigh sin chun múinteóirí do lonnú ann. Thug na daoine teine a ndóthain chúcha agus do shocruigheadar iad féin síos ann chun a ngnótha do chur ar bun.

Seana-shaighdiúir do fuair cúpla gráinne insan arm dob’ eadh é agus do bhí réal sa ló (pinsin) aige. Ní raibh sé ’n-a chumas a bhróga do dhúnadh, ná cromadh chuige, de dheascaibh an gráinne chuaidh ’n-a chliathán. Dob’ aimilithe an bheirt iad, ní ’á chasadh leo é, ach b’fhearr bean na dtrí gcos pic ná

( 69 )