Page:An t-oileanach.djvu/80

This page has been validated.
70
AN t‑OILEÁNACH

eisean mar do bheadh sí sa bhaile mór go rábach roim aon bhean dhá choise mar thugadh sí ana-thruslóg go léir leis an maide.

Bhí bliain nach mór dúnta ag an scoil an uair seo agus do deineadh í oscailt ar maidin Dé Luain. Ní raibh aenne i n‑easnamh ar an scoil an lá úd. Múinteóir nua, dar ndóigh! Is beag nár chuaidh na daoine aosta ag féachaint conus mar bheadh an fear nua ag cur de.

Bhí oidí scoile tearc an uair úd agus do chuaidh de’n tsagart aon duine d’fhagháil agus an uair dob’ fhada leis do bhí an scoil gan aenne do chuir sé é seo ann go ceann tamaill. Ní raibh sé ar aon choláiste riamh ná é ró mhaith ar an mbun-scoil ach oiread. Pé scéal é b’eo leis an léigheann ar siubhal ar maidin Dé Luain.

Is cruinn díreach do bhí an Rí ar a shuidheachán féin romham. Do sméid sé orm teacht i n‑aice leis agus do chuas. Thug cogar dom—“Nach pollta atá an croiceann ag an scolárdach,” ar seisean. “Tá sé mion-phollta go maith,” arsa mise leis. Bhí ’fhios agam-sa óm’ athair gur rian na bolgaighe bhí ann ach n’fheadair an Rí cad é an rud bolgach chuige an t‑am san d’á shaoghal.

Níor mhór an léighean do ghlac an ghramaisc a bhí ar scoil an lá úd mar nách ag féachaint ar leabhar ná pháipéar a bhíodar ach ag tabhairt bhean na dtrí gcos fé ndeara a thugadh í féin le teasbáint anois is arís. Duine fíor-mhacánta dob’ eadh an múinteóir agus ní bhíodh oiread de chrith-eagla roimis agus do bheadh roim fhear eile do bheadh mallaithe. Tar éis an tsaoghail do bhíodh na scoláirí go maith aige.

Uair sa ráithe théigheadh sé go dtí an baile mór agus thugadh sé bosca misleán leis agus ubhla chun lucht na scoile. Pé lá d’fhanadh aon leanbh istigh thagadh sé ag traill air agus ubhall nó milseán aige chuige agus is é ghluaisigheadh leis go fonnmhar agus cnap ubhaill aige ’á phromsáil ar nós capaill. Toisc é bheith tláth is beag d’fhanadh istigh aon lá uaidh.

Is é siúd an múinteóir déanach go rabhas-sa aige agus an