Page:An t-oileanach.djvu/81

This page has been validated.
71
AN t‑OILEÁNACH

Rí leis agus a lán eile againn, mar thug sé tamall maith ann. ’Sí an droch-shláinte do chuir as insa deire é. Bhí sé chun Corcaigh a bhaint amach ach do cailleadh fé shlí an duine bocht timcheall Thráighlí. Is beag a bhí aige de’n léigheann ná raibh piocaithe againn uaidh sarar imigh sé.


Cé gur lom buidhe an cúntanós a bhí ar an máighistir ba dhóigh leat nárbh é an fear céadna é an uair a bhuail cigire an doras isteach chuige lá. Tháinig spionnadh beag suas ’n‑a aghaidh fé mar bheadh duine bheadh beagán éadtrom ’n‑a chéill agus ní deirim ná go raibh san ag baint leis an uair sin, pé rud eile bhí ’n‑a theannta air.

Is mise nár thóg san air a bheith atharaithe roimis an mbioránach a tháinig, mar tháinig crith-eagla ar a raibh de ghramaisc ar scoil roimis. An seithe reamhar buidhe bhí air ba dhóigh leat gur i bpáirt de’n tSín a cuireadh ’on chliabhán é. Bhí gach duine, beag agus mór againn, ar bheagán cainnte agus pé gnó bhí idir lámha againn ’á dhéanamh go ciúin. Níorbh’ fhada dhom gur ghaibh an maighistir chugham agus figiúirí ar shlinn aige agus dubhairt liom iad a chaitheamh suas comh luath agus dob fhéidir liom é. Ba bhearna réidh liom-sa san a dhéanamh agus do dheineas gan mhoill. Is é an cigire a chuir chuige féin iad agus leis an mearathall ní raibh sé ’n‑a chumas iad a chur le chéile.

Toisc ná raibh an t‑oide ró shláintiúil thug sé taom breoiteachta as an gcrith-eagla do chuir an cigire air, cé go raibh an scoil ar oscailt gach lá. Dubhairt an máighistir go mbeadh sé buidheach go deo dhíom ach seasamh ’n‑a ionad sa scoil agus go mbeadh an Rí im’ chongnamh. Meaintín dob’ eadh a bhean agus tháinig sí go dtí m’ mháthair agus dubhairt sí léi comhairle thabhairt domh-sa chun me ghríosach chun scoile faid a bheadh an máighistir breoite. “Agus má tá cuilt nó aon rud le déanamh agat déanfad duit é,” ar sise.

Do bhíos féin agus an Rí ’ár dhá múinteóir ar feadh mí