Page:An t-oileanach.djvu/82

This page has been validated.
72
AN t‑OILEÁNACH

agus, ní ’á bhreith as so é, ba bheirt sinn ná raibh le moladh, mar pé rud a bhí ’ár gcumas do dhéanamh ní leigfeadh an mí-fhoirtiún ná na crosa dhúinn é dhéanamh. Do bhí balcairí láidre ar scoil an Bhlascaeid an uair úd agus ba mhó go mór a bhíodh clis agus cúirtéireacht ar siubhal againn ná dintiúirí an léighinn. Ach pé scéal é do breacadh an mí amach ar an gcuma so gan bhuairt gan bhrón.


Ní fada ’n‑a dhiaidh sin gur cailleadh an t‑oide agus dúnadh an scoil arís agus do bhíos féin an Rí arís le chéile chun sealgaireacht i gcnoc agus ar a’ bhfairrge. Má bhí mianach an pheata ag baint liom-sa féin fós, toisc gur mhe an duine deirineach de’n ál, do bhí an mianach céadna insa Rí toisc gurbh’ é an chéad duine de’n ál é. D’fhág san cead uilc is maitheasa againn nach mór.

Maidean áirithe do ghluais sé chugham go moch.

“Thug rud éigin thu comh moch so,” arsa mo mháthair leis.

“Ragham a’ fiadhach,” ar seisean. “Tá an lá ana-bhreagh. Tabharfam sciúird as so siar go Ceann Dubh agus b’fhéidir go mbeadh leath-dosaon coinín againn. Ca’il Tomás? ’N‑a chodladh fós, is dócha.”

“Iseadh go díreach,” ar sise.

“Táim annso, a bhuachaill,” arsa mise, mar d’aithnigheas a ghuth seachas guth aenne eile a bhíodh ag teacht fé’n dtigh.

“Preab id’ shuidhe agus ragham ag fiadhach,” ar seisean.

“Ach níl gléas maith fiadhaigh agam,” arsa mise.

“Tá, a bhuachaill!” ar seisean, “tabharfad-sa an firéad liom.”

“Ach ní leigfear leat í, is baoghal,” arsa mise leis.

“Goidfead-sa í óm’ athair chríona,” ar seisean.

Chuir mo mháthair mo chuid bídh chugham agus ní rabhas i bhfad ’á shlugadh agus an méid ná raibh oiriúnach le slugadh de do bhí an muileann go faobharúil chun na coda san—cliathán de chíste déanta de mhin bhuidhe ghairbh, láidir a dhóthain do chapall, gabhar buidhe agus liath-uisce bainne.