Page:An t-oileanach.djvu/83

This page has been validated.
73
AN t‑OILEÁNACH

B’eo le ’chéile an bheirt againn. Buaileann seisean an firéad síos ’n‑a bhrollach. Bhí dhá mhadra mhaithe againn agus ramhan agam-sa ar mo ghualainn. Chun cnuic linn go fuadrach. An uair a bhíomair i dtreo leis na coiníní do bhuail conaigéar linn. Do thairrig an Rí a fhiréad amach as a bhrollach, do chuir sreang léi agus do scaoil isteach í. Do leath líon annsan ar gach poll a bhí ar an gconaigéar. Níorbh’ fhada gur rop coinín amach ach do ghaibh an líon é go tapaidh. Do dhein sé fuairnín se mar do bhí béal-shreang fé. Do bhain amach as an líon é agus do chuir an líon ar tinneall arís mar do bhí cheana. Ní raibh ach an méid sin déanta aige san am gur rop ceann eile amach i malairt poill. Níor ghaibh an firéad aniar nó gur chuir sí an ceann deiridh chughainn. Casann sí aniar nuair ná buailfidh aon ní eile léi.

Do bhí seacht cinn de sheibineacha coiníní curtha age’n bhfiréad chughainn as an bpoll san agus iad gabhtha age sna líonta. B’eo linn go dtí lanntán eile do bhí tamall uainn. Do scaoil sé isteach í agus do bhí sí tamall istigh sarar ghaibh aon ní amach. Fé dheire do sháidh coinín mór láidir amach fé’n bpoll. Do ghaibh an líon é ach do thairrig sé an staic a bhí ’á choimeád agus dob’ ’eo leis le fánaidh ach tháinig an dá mhadra suas leis.

An uair a bhí sé um árd an tráthnóna agus an ghrian ag tuitim siar do labhair an Rí: “Ní fhéadfam na coiníní a thabhairt abhaile leis an ocras,” ar seisean.

“N’fheaca aon fhear riamh d’fhear gharbh mar thu is túisce a thuiteann leis an ocras i gcomhnaidhe ná thu,” arsa mise leis, “agus tabharfad féin iad ar fad abhaile liom mara mbeidh a thuille ’gainn.”

Do bhí dosaon go leith marbh an uair seo againn—beart maith—agus sinn beartaithe ar bheith ag tabhairt ár n‑aghaidh ar a dtigh. Bhí loma-chasóg agam féin agus póca maith mór uirthi ó’n dtaobh istigh agus do bhí cannta maith aráin insa phóca. Ní mise do chuir ann é ach mo mháthair. Dubhairt