Page:An t-oileanach.djvu/84

This page has been validated.
74
AN t‑OILEÁNACH

sí, is dócha, go raibh an lá fada agus go mbíonn na daoine óga géar-ghoileach, rud dob’ fhíor di.

Do thairrigíos amach é, dheineas dhá leath dhe agus thugas a leath do’n Rí. Ní raibh righte comh deacair a shásamh an uair úd agus táid anois. Do phramsáil sé siar é go milis agus deagh-bhlas aige air mar ná raibh a dhóthain aige dhe. An uair a bhí sé meilte siar aige do bhrath sé láidir é féin agus do chuir an firéad i bpoll is i dhá bpoll nó go raibh dosaon ag an nduine againn ag teacht abhaile agus an réilthín anáirde.