caitheamh-aimsire do bhíodh ar siubhal againn roim biadh, am bidh, tar éis bídh, imithe; agus anois gan faic ann ach glór na caillighe bhéal-dorais agus sámsaireacht Thomáis Mhaoil; ach “ba mhaith iad san féin ann,” mar deireadh an fear le Cuan Cromdha.
“Mhuise, beannacht Dé le h‑anman do mharbh!” arsa mo mháthair oidhche le Tomás Maol, “an bhfuil aon chur síos agat ar na fiagaithe ó’n oileán a tugadh go Béal Feirste?”
“Is ait a’ fiafraighe é sin féin agus m’athair féin sa treis,” arsa Tomás.
“Mhuise, beannacht Dé leat!” ar sise.
“Bhí, a mhic ó! Thug sé cheithre lá déag ó’n dtigh go h‑annródhach. Bhíos beag an uair sin ach is cuimhin liom go maith nár cheapas gurbh é m’athair riamh é nuair a tháinig sé thar n‑ais. Lán báid aca a chuaidh chomh fada siar leis an Mullach Reamhar lá breagh gréine i mbád go raghaidís ag fiadhach ar choiníní. D’fhágadar an bád i gcuas ann agus chuadar ar thóir na gcoiníní sa chnoc. Ní fada dhóibh go bhfeacadar an long an súnda adtuaidh agus cuma uirthi go raibh sí ar mí-ghléas. Seo leo ’on bhád agus chuadar ar a bórd; agus b’fhearra dhóibh ná raghaidís. Do réir deáraimh bhí cuid mhaith de’n bhfuirinn i n‑easnamh ar an gcaptaen. Alfraits rógaire dob eadh é agus ní raibh a mhalairt de dheáramh air. Ní túisce bhíodar so tagaithe as an mbád ar chlár na luinge ná thairrig sé gunna chuige agus do dhírigh ortha é. Chaith sé téadán báid an oileáin i bhfairrge agus scaoil sé leis an sruth í agus ní leigfeadh sé ’on bhád iad chun teacht abhaile. Chuir sé iachall ortha a raibh do sheolta aige a chur anáirde agus do shéid an oidhche thar meón. Thug sé chomh fada le h‑íochtar na h‑Éireann de’n scríb sin iad—comh fada agus bhí sé féin ag dul agus dá mbeadh sé ag dul a fhaid eile. Chuir sé go tigh ósta annsúd iad agus d’fhág sé fógra ag bean a’ tighe ar a cluais iad san a bheith aici dho féin ar theacht thar n‑ais do. D’éaluigh fear aca ó’n gcuid