Page:An t-oileanach.djvu/88

This page has been validated.
78
AN t‑OILEÁNACH

eile, athair Shéamais Mhuair, agus níor thaisteal aenne riamh trí Éire is mó do fuair annródh ná é gan bróg ar a chois ná éadach ar a chorp ach an t‑ocras agus an fuacht ag gabháil lastuas do agus an scannradh ’n‑a theannta san air ar eagla go mbeadh bertha air ó am go h‑am.

“Nuair a fuair an Captaen réidh é féin do cuireadh dlí ortha agus do bhíodar daor innte agus ní raibh tuiscint aca insa scéal ná tuiscint ag aenne ionnta mar ná raibh aon Bhéarla aca ach focail a bhí ag athair Dhuinnshléi’.

“Do raghadh príosún ortha mara mbeadh duine uasal a ghlac do láimh iad. Do chualaidh sé an t‑allagar go léir agus é ag gabháil thar brághaid tighe na cúirte agus do chuir sé cúntas ar shlataire do bhí i mbéal a’ dorais cad é fáth na geonach. D’innis an slataire dho mar bhí agus cad as iad. Captaen airm dob’ eadh an duine uasal agus b’é Ciarraighe a áit dúthchais. Do chuaidh sé do’n ráib sin isteach ’na measc agus b’éigeant an chúis a tharrac anuas aríst agus le cabhair an duine uasail do nochtadh an fhírinne i dtaobh ropaire na luinge dhon mbreitheamh. B’éigean do dachad púnt a chur amach ar an mbórd agus fiacha an bháid a chaill sé ’n‑a theannta, deich bpúint eile.

“B’éigean do’n gcéad fhear é shiubhal aníos go léir agus ní mór ab’ fhiú é nuair a bhain sé an t‑oileán amach. Duine bocht muirearach dob’ eadh é agus ó’n uair gur bhuail an t‑eagla é ní raibh leigheas aige air ach teicheadh nuair a fuair sé an lom air. Is minic a chuala m’athair ’á rádh go gcuirfeadh gach nduine aca insa tsiubhal comh maith leis mara mbeadh gur dheineadar comhairle má bheadh aon chao’ bogaithe ’ca gur le seasamh suas é cé go mbeadh an captaen ar a thoil dá gcuirfeadh gach nduine aca chun siubhail. Siúd is go ndubhairt sé le bean a’ tighe iad a choimeád os a gcomhair sin dubhairt sé a mhalairt laistiar dóibh léi—má chuirfidís chun imeacht scaoileadh leo, mar ní raibh sé i mbun faic eile dhéanamh leo ach iad a chur bun os cionn ar aon táille thabhairt dóibh; agus ní mór ná gur bhuaidh sé an cluiche ortha.”