Page:An t-oileanach.djvu/89

This page has been validated.
79
AN t‑OILEÁNACH

“Mhuise faid saoghail chughat,” arsa mo mháthair a bhí ag éisteacht leis an scéal comh maith le duine.


Ní raibh fhios faic againn nó gur bhuail Paidí an doras isteach chughainn anall ó Mheirice, agus gan é ann ach bliain agus gan air ach an t‑éadach agus gan san féin ró mhaith air. Is dócha gur duine eile do shín a lámh leis sin féin chuige.

Do cheapamair go mbeadh sé i rith a shaoghail aríst ’n‑a leanán sidhe againn ach ní mar a síltear a bítear go minic agus dob’ ’in ionbhadh age Paidí é. Insan Earrach do bhí chughainn tháinig gairm-scoile ó’n áit thall arís air féin agus ar a bheirt chlainne.

D’fhreagair iad go tapaidh. Do bhuail chuige ar a bhaclainn an gearrcach óg gan é ach ag siubhal agus do choimeád ar a bhaclainn é nó gur bhain sé amach an áit thall. Bhí an garsún eile cruaidh. Do chrom sé ar bheith ag díol as an mbeirt agus as féin, gach lá ag obair go cruaidh agus thug deich mbliana ar a gcuma san. Tar éis an méid sin blian do thabhairt, agus gan taom chinn agus gan teip lae oibre air, ní raibh aon phúnt amháin féin spártha aige. Fear árd lom dob’ eadh é, dúil san obair aige agus do dhéanfadh sé oiread le beirt. Sin é an fáth ná raibh easnamh aon lae amháin oibre i Meirice air faid a bhí sé ann. Ní ceal ná go mbíodh daoine gan obair go minic i rith an téarma úd ann ach do choimeádadh an saoiste an fear ab’ fhearr ar na fir dheire, agus dob’ shin ionbhadh age Paidí é.

Do bhí triúr de’n ál againn i bhfus agus triúr thall. Do bhí an bheirt aosta ag braith ar an bpeata an uair seo agus gan sa bhothán againn ach an triúr. Bhíos glan fiche bliain an uair seo agus do bhíomair ag déanamh go maith ar feadh tamaill. Mise ’á chomáint chun margaidh gach uair go dtí Daingean Uí Chúise, uaireannta de thalamh agus uaireannta eile tré bhágh mhór fhada an Daingin.

Bhíodh muca uaireannta againn, iasc, caoirigh agus mar