sin dúinn, breac-uair beithíoch agus olann. Na chéad turais go rabhas ag dul ann do bhíodh iongnadh ar an gcuid eile an uair a bhínn ag áireamh na dtighthe dóibh mar dh’innseadh an clár amuich dom cé bhíodh istigh.
Do bhíos lá ann agus do bhí Paid Shéamais, fear mo dhriféar Cáit, i n‑éineacht liom agus sinn i dtreo a chéile i rith an lae. Fear dob’ eadh é ná beadh gloine de’n uisce beathadh i bhfad idir lámha aige, nó piúnt leanna duibhe, gan iad a scaoileadh siar ach ní fhuair sé aon bhlas milis riamh ar an gceann a cheannochadh sé féin, agus ba mhór an seódh leis go bpriocfadh fear eile insa chúl é chun ceann leis féin d’ól.
Sé críoch agus deire na mbeart é gur ghaibh an deoch lastuas ar fad an lá san de. Dhein sé roileán ar fad de. Níor fhág sé aon tsamhailt céille aige ach oiread leis an chéad uair a chrom sé ar lámhncán tar éis an cliabhán d’fhágaint do. Ó bhí sé de’n tubaist orm nár shéan é sara raibh sé as a meabhair ar fad ní raibh aon ghnó agam éirghe as san am so agus é leigeant fé bholg na gcapall.
Uim árd an tráthnóna sa tSráid Mheánach dúinn, sluagh daoine síos suas, cuid aca ag teacht fé n‑ár mbrághaid go raibh aithne aca orainn ag fáiltiú aniar ó’n Oileán romhainn. Is amhlaidh ar deire gur éirigh an fear eile gránna:
“Cad as an paca diabhal san?” adeireadh sé. “Sí an chainnt an chuid is fearr díbh. Ní deoch a bheadh le fagháil uaibh comh maith sin. Daoine bochta muinnteartha annso spallta ó’n dtart!”
Gan mhagadh ná bréag do bhí an fhírinne ag teacht uaidh ach cad é an mhaith sin, bíonn an fhírinne féin searbh uaireannta.
Do bhí snaidhmeanna ar mo chroidhe ag éisteacht le n‑a chuid allagair gan deáramh ach cad a bhí agam le déanamh ach iad a bhrúghadh ar m’aigne. Uaireannta thagadh beirt phóilíní ’ár dtreo agus thagadh áthas orm go mbéarfaidís ar