chluais air chun é thógaint uaim agus é chur i n-áit a choinneochadh é nó go mbeadh a mheabhair go maith aige; ach faid a bhraitheadh sé iad san timcheall thabharfadh aon duine an leabhar gur chléireach sagairt é bheadh sé comh oiriúnach san nó go mbraithfeadh sé glan as an áit sin iad. Ní bheadh fir an Rí ach glan leo nuair a bheadh a hata raidithe insa spéir aige agus gan aon fhear seoidh ar an sráid ach é. Thagadh fear suas chun clabhta a thabhairt do, mar ’dheadh, ach is amhlaidh a thugadh súd póg do.
Seadh, do bhí san go maith agus ní raibh go h-olc agus d’á olcas mar bhíonn age duine uaireannta, dar leis, d’fhéadfadh an scéal a bheith níos measa go minic agus d’á aitheacht mar chaitheas-sa an lá leis an rógaire seo is fós do bhí na bearta cruadha ar fad romham.
Do chuir sé a lámh ’n-a phóca agus do thairrig sé aníos a phíp, ceann cré agus gan innte ach an chailc.
“A Mhuire! níl aon bhlúire tobac fós agam,” ar seisean. “Téanam isteach insa ti’ muair sin thall, bíonn tobac maith ann.”
“Dhera, beidh tobac le fagháil insa siopaí atá romhainn siar agus ná bac leis a’ dtí’ sin,” arsa mise leis.
“Dá mbeinn thiar do bheinn ag teacht aniar go dtí an tobac maith atá sa ti’ seo,” ar seisean.
Níl aon duine ar an dtalamh adéarfadh go raibh aon bhraon dighe ’n-a chorp faid a bhí allagar an tobac ar siubhal aige. Bhí ’fhios agam ná tógfadh sé gob ná sciathán díom agus b’eo linn treasna na sráide.
Craobh de chualacht stróinséartha dob eadh an tigh mór, le muinntir Atkins, go raibh gach sórt ’á dhíol ann. Tigh breagh ornáideach dob eadh é. Do bhí deilbh mná ar chathaoir idir an dá chúntúirt ann, toirt aon mhná tuaithe innti agus a h-aghaidh ar an ndoras.
Ar dhul thar doras isteach dom dhuine do bhain de a hata ag beannú do’n mnaoi: “Dia ’s Muire dhuit, a Mháighistreás Arcins!” ar seisean.