Sin é an carrbhal is mó do bhain amach sult i nDaingean Uí Chúise ó bhí an droch-shaoghal ann. Ní raibh fear ó aon áird istigh ná gur thuit fuar marbh le snaidhmeanna gáiridhe do bhuail gach nduine aca, fir oibre an tighe agus na h-uachtaráin comh maith, ar chloisint cainnt an fhir bhaoith dhóibh. Dá mbeadh deáramh an iomarca dighe air cad é an tábhacht cad a dhéanfadh nó cad déarfadh a leithéid; ach is air ná raibh sé.
Do bhí an oidhche ag druidim linn agus an méid eile ó’n oileán do bhí insa bhaile mór ag ciorrú an bhóthair abhaile ach níorbh aon mhaith san do thagairt leis seo. Is mó do bhí sé toilteannach gabháil soir ná gabháil siar; agus chun na fírinne a rádh is soir is mó d’oirfeadh do dul mar is soir do bhí tigh na ngealt agus dob’ ’in é an áit is mó do bhí ag oiriúint do an lá úd.
An uair d’fhágamair an tigh mór do bhí na soillse ’á lasadh agus níorbh’ fhada uaidh do bhíomair nuair adubhairt sé:
“Ní féidir liom-sa dul a thuille, a Thomáis,” ar seisean.
“Dhera, cad tá a’ teacht anois leat?” arsa mise.
“Táim titithe leis an ocras agus tá tart, leis, orm.”
“Nár cheapas ná raibh an dá ghalar i n-éineacht ar aenne riamh.”
“Táid siad orm-sa, ar mh’anam, mhuise!”
Thógas liom é agus bhaineas amach tigh an bhidh leis. Cheapas ná raibh a dhóthain bidh istigh, ach do bhí. Ní dhéanfadh sé franncach ar chaith sé de. Do chuaidh a chodladh agus n’fheadair aenne ciaca beo nó marbh é go dtí n-a deich amáireach.
Tar éis trí lá do bheith ó’n dtigh agam de dheascaibh Phaid Shéamais—Paid an diabhail bhuidhe, go maithidh Dia dhom a rádh—do bhí raicc ar siubhal go tiugh timcheall an Bhlascaeid. Do bhí gach sórt raice ann, adhmad agus boscaí móra lán go béal. Ní raibh fhios ag aenne cad é an sórt stuife an rud a bhí is na boscaí an uair a briseadh iad. Bhrisidís na boscaí agus bheiridís leo abhaile iad tar éis a mbíodh ionnta a chaitheamh uatha.