Page:An t-oileanach.djvu/93

This page has been validated.
83
AN t‑OILEÁNACH

Nuair a chonnaic na h-oileánaigh nárbh aon mhaith dhóibh an earradh a bhí ins na boscaí sin do bhíodar ’á scaoileadh thársta sa bhfairrge nuair a thárluigheadh aon rud eile leo. Níor thug ach roinnt bheag daoine aon bhosca lán abhaile leis.

Cótaí dubha a bhíodh ar mhná an uair úd—plainín. Chuiridís dath air—bhód. Bhíodh ruaim roimis an ndubh air agus cad deire le bean tighe aca go raibh dhá chóta le ruamadh aice ná gur bheartuigh sí ar an stuif, a bhí sa bhosca thug a fear leis, chun iad a ruamadh. Bhí sé tugtha fé ndeara aici go dtagadh dath as an stuif nuair a fliuchtaí é. Má dhein sí an beartú san do chuaidh sí chun cinn leis agus níorbh aon ghnó breallach a dhein sí dhe mar níor cuireadh riamh ruaim ar chóta do bhí chomh dulta síos leis.

Do theasbáin an bhean so a saothar do bhean eile agus do bhean eile agus níor náireach di é mar do rith a gnó go feillebhinn léi.

“Nach mór an diabhal fir nár thug aon ghráinne chun an tighe dhi chugham-sa,” arsa báiléar mná do chonnaic na cótaí ruamtha, “agus dhá chóta istigh le ráithe agam agus a gcuid datha gan aon ruaim; agus ní bheidh sé a d’ionntaoibh leis ach a bhfaghad-sa chun mo láimhe é,” ar sise.

“I gcúntas an tsaoghail,” arsan bhean eile léi, “leig do féin,” ar sise.

Níorbh’ fhada do bhí an báiléar mná so age baile san am gur tháinig an fear ó’n gcnoc agus paca mór móna aige.

“An diabhal, a Shiobhán, go bhfuil snáithíní an droma tairricthe aige asam,” ar seisean. Do cheap sé go ndéanfadh sí truagh dho, dar ndóigh; ach ní h‑amhlaidh do bhí aige ach a mhalairt.

“Mo lá go dealbh, nár chuir sé cnámh do láirce as ionad!” ar sise, “mar is fada buidhe go dtabharfá chun na cistean paca ba luachmhaire ná é;” agus bhí coinneal ’n‑a radharc ’á rádh.

“Dhera, n’fheadar cathain d’fhágas amuich aon phaca gurbh’ fhiú é thabhairt abhaile,” ar seisean.