Page:An t-oileanach.djvu/99

This page has been validated.
89
An t‑Oileánach

an sólás do chuir an rón mór ortha toisc nár thug an té mhairbh é na cosa slán leis.

Do chuaidh a lán ag nochtadh an róin is b’é Diarmaid na mBeach an maor a bhí ortha. Níor chuaidh m’athair, chuige, ann. Ní raibh sé istigh leis féin i dtaobh mo choise-se ach do scaoil sé an t‑asal le Diarmaid chun é thabhairt abhaile agus dubhairt sé leis stiall a thabhairt dos gach duine do bheadh ’á nochtadh.

Do bhí seana-mhná isteach agus amach ar thuairisc mo choise. A h‑oideas féin age gach nduine aca. Tháinig an tseana-bhean bhéal-dorais, leis, go luath agus an uair a chonnaic sí an chos:

“Dhera, ní fiú biorán a bhfuil ar an gcois sin,” ar sise.

Nuair a dubhairt sí é sin ar mh’fhallaing nárbh’ aon mhí-bhuidheachas a bhí agam-sa uirthi mar dob’ fhearr liom go mór mar fhocal é ná an chainnt adeireadh a thuille aca, sé sin go mbeinn ar leath-chois. Chonnaic sí sin greim ba dhá mhó ná é bainte age rón as chois fir i n‑Inis Mhicileáin, adubhairt sí; agus ná raibh moill seachtaine ag cneasú air. Seán Mhuiris Liam a mhairbh an rón gur bhain sí an greim as a chois. Do mhairbh a athair rón eile, thug leis ailp úr de, do chuir leis an gcneidh í, do chuir stráice éadaigh ’á scaoileadh í bhí an poll lán amach de’n bhfeoil nádúrtha, adubhairt an tseana-chailleach.

“Agus an fada ’n‑a dhiaidh sin gur tháinig sí chun croicinn?” arsa mo mháthair.

“An lá baineadh di an stráice d’imigh sé ag siubhal na cloiche agus gan aon scáth ar an gcois ach í le gréin i rith an lae agus do bhí an croiceann tráthnóna an lae sin uirthi,” ar sise.

Súil d’ár thug mo mháthair amach chonnaic sí Tomás Maol ag teacht agus píosa mór de rón ar a dhrom. Do bhí barra an phíosa ag dul go dtí n‑a chúl agus an ceann eile dhe síos go h‑ioscada air.