Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/15

This page has been proofread.

11

AN

TEAGASG CRÍOSDAIḊE.


Ceaċt a h-aon.

Ceisd. Cé ḋein an doṁan?

Freagra. Dia.

C. Cé h-é Dia?

F. Cruṫuiġṫeoir agus árd ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ró ṁaiṫ agus ró iomlán.

C. Cá ḃfuil Dia?

F. Ta sé ins gaċ uile áit.

C. Má tá Dia ins gaċ uile áit cad fá ná feicimíd é?

F. De ḃríġ gur fíor spioraid é agus ná fuil colan aige.

C. An ḃfeicean Dia gaċ uile níḋ?

F. Ċíon.

C. An ḃfuil fios gaċ uile níḋ ag Dia?

F. Tá.

C. An féidir le Dia gaċ uile níḋ do ḋéanaṁ?

F. Is féidir.

C. Cad fá gur ċruṫuig Dia sinn?

F. Ċum aiṫne do ċur air agus é ġráḋúġaḋ ar an dtalaṁ so, agus ċum séan síoruíḋe do ṡealḃúġaḋ ’n ḋiaiġ so ar neaṁ.

C. Cad a ṫuigean tú le neaṁ?

F. Ríġeaċt glóire Dé.

C. Conus is féidir dúinn Dia d’ aiṫint ar an dtalaṁ so?

F. Leis na fírinníḋe a ṁúin Sé ḋúinn d’ ḟoġluim.

C. Cá ḃfaġam na fírinníḋe seo?

F. Táid go h-áiriġṫe ansa Ċré.