Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/16

This page has been proofread.

12

Ceaċt a dó.

C. Abair an Ċré?

F. “Creidim i nDia, ⁊c.”

C. Cé ḋein an Ċré?

F. An dá aspol déag.

C. Cad d’ adṁuiġmíd sa Ċré?

F. Na cínn-rúin diaṁara agus alta ríaċtanaċa eile.

C. Abair na cínn-rúin diaṁara?

F. Aondaċt agus Tríonóid Dé, Inċolna, bás agus aiseiríġe ár Slánuiġṫeóra.

C. Cad fá go dtugtar cínn-rúin diaṁara orṫa san?

F. De ḃríġ náċ féidir aoinne a ṫagan ċum bliaġanta na tuigsiona do ḃeiṫ sáḃálta gan fios bunúsaċ do ḃeiṫ aige orṫa agus iad do ċreideaṁaint.

C. Cad a ċialuiġean Aondaċt Dé?

F. Ná fuil ann aċt aon Dia aṁáin.

C. Cad a ṫuigean tu leis an dTríonóid?

F. Tuigim, ansan aon Dia aṁáin sin go ḃfuil trí pearsana diaḋa.

C. Ca ṁéid Dia ann mar sin?

F. Ní’l aċt aon Dia aṁáin. Ní féidír níos mó do ḃeiṫ.

C. Cá ṁéid pearsa i nDia?

F. Táid trí pearsana i nDia.

C. Cé h-iad na trí pearsana iad san?

F. An t-Aṫair, agus an Mac agus an Spioraid Naoṁ.

C. An ḃfuil an t-Aṫair ’na Ḋia?

F. Tá an t-Aṫair ’na Ḋia.

C. An ḃfuil an Mac ’na Ḋia?

F. Tá an Mac ’na Ḋia.

C. An ḃfuil an Spioraid Naoṁ ’na Ḋia.

F. Tá an Spioraid Naoṁ ’na Ḋia?

C. Ná fuil trí déiṫe ann mar sin?

F. Ní’l. De ḃríġ ná fuil aċt aon nádúr aṁáin diaḋa ins na trí pearsanaiḃ diaḋa san ní’l ionta aċt Dia aṁáin.