Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/22

This page has been proofread.

18

Ceaċt a sé.

C. Cad a tuigtar le comaoíne na naoṁ?

F. Go dtéiḋean na h-úrnuiġṫe agus na deaġ oibreaċa a déintar sa teampal ċum soċair do gaċ n-aon a ḃainean leis an dteampal.

C. Cad é an saiḋḃreas spioradálta i n-a ḃfuil páirt ag na daoíne a ḃainean leis an Eaglais?

F. Na Sácramintí, naoṁ-íḋbirt an aifrinn, úrnuiġṫe na h-Eaglaise, agus deaġ-oibreaċa na ḃfíoraon.

C. An leór do ḋuine, ċum ḃeiṫ sáḃálta, ḃeiṫ ’na Ċaitilicí Róṁánaċ?

F. Ní leór. Ní foláir dó an peaca do ṡeaċaint agus an ṁaiṫ do ḋéanaṁ.

C. Cad é an níḋ peaca?

F. Aon smuíneaṁ toilteaṁail, briaṫar ná gníoṁ a deintear i n-aġaiḋ dlíġ Dé.

C. Cad é an níḋ peaca marḃṫaċ?

F. Coir ró ṫrom i n-aġaiḋ Dé, a ḃainean grásta naoṁuiġṫe de’n anam agus a ṫuilean ifrean.

C. Cad é an níḋ peaca soloġṫaċ?

F. Peaca is luġa coir ’ná peaca marḃṫaċ, ná bainean grásta naoṁuiġṫe de’n anam agus ná tuilean ifrean.

C. Conus a ġortuíġean peaca soloġṫaċ an t-anam?

F. Le gráḋ Dé i n-ár n-anam do luíġeadúġaḋ, agus le sinn do ċlaonaḋ ċum an peaca ṁairḃ.

C. Cad is grásta ann?

F. Taḃartas os cionn nádúra a ṫugan Dia féin dúinn ċum sinn do naoṁúġaḋ agus do neartúġaḋ ċum flaṫas Dé do ṫuileaṁ.

C. Cad a ṫuigean tú le grásta naoṁuiġṫe?

F. Na grásta a ḋeinean sinn i n-ár gcáirdiḃ ag Dia.

C. An ḃfuil grásta ríaċtanaċ?

F. Tá, de ḃríġ, gan grásta, náċ féidir dúinn flaṫas Dé do ṫuileaṁ.